Bhí slua ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh inniu, nuair a nocht an tUachtarán dealbh nua de dhuine de mhórscríbhneoirí na hÉireann, Pádraic Ó Conaire. Pictiúir: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín
An scríbhneoir agus an tUachtarán. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn i mbun cainte roimh nochtadh na deilbhe nua den scríbhneoir cáiliúil as Gaillimh, Pádraic Ó Conaire
An tUachtarán ag baint an chlúdaigh den dealbh nua de Shean-Phádraic
An tUachtarán ag aithris ar Ó Conaire!
Joey (9) agus Kara Soave (6) ó cheantar na Cotswolds, Sasana, ag seasamh taobh leis an dealbh dá sin-seanathair
An saor cloiche Réamonn Ó Flatharta, ina shuí in aice na deilbhe. Ba é Réamonn a rinne an obair chloiche don dealbh cré-umha. Sa phictiúr chomh maith tá Pat McHugh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Johnny Graham agus Sean Fitzgerald, Highfield Builders, na conraitheoirí tógála
Muintir Chonaola as Inis Oírr a bhfuil gaol acu leis an scríbhneoir: Pacella, Dara, Fionnán, Cúilfhionn agus Lasairfhíona
Aon scéal a’d, a chomrádaí? An scríbhneoir agus aisteoir Joe Steve Ó Neachtain agus a bhean Máirín
An t-aisteoir Diarmaid de Faoite a bhfuil cáil mhór ar a shárdhráma aonair faoin Phádraic Ó Conaire
Sliocht Albert Power a rinne an chéad dealbh den scríbhneoir a bhíodh ar an bhFaiche Mhór. Ó chlé: Garchlann an dealbhadóra, Siobhán, Aaron agus Callum Ó Murchú agus a bhean Phyllis Power
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo: