Nochtadh suíochán agus cloch chomórtha in onóir Phádraig Mhic Phiarais ag searmanas i Séipéal an Ghoirt Mhóír, Ros Muc, Dé Máirt seo. Cuireadh chun báis an Piarsach direach 100 bliain agus ocht n-uair roimh thús an tsearmanais. Pictiúir:Seán Ó Mainnín
Na saighiúirí Aodán Ó Conaire agus Robert Ó Flatharta agus an píobaire Gerry Broderick ag máirseáil le pobal Ros Muc
Ag teacht chuig Séipéal an Ghoirt Mhóir
Ag ardú bratach na hÉireann
Oifigeach Gaeilge Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Páid Ó Neachtain, ag labhairt leis an slua
Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Kevin Kelly
Daltaí Scoil an Turlaigh Bhig ag canadh amhráin
An comhairleoir Peter Roche, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Litreacha deiridh an Phiarsaigh á léamh ag Fearghas Mac Lochlainn. Tá Teach an Phiarsaigh sa chúlra
An Dán ‘An Dá Phádraig’ le Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha á léamh ag rang 5 Scoil Bhriocáin
An suíochán á nochtadh ag Kevin Kelly agus Peter Roche
‘Aisling an Phiarsaigh’ le Joe Steve Ó Neachtain á léamh ag Siobhán Ní Mhainín, Gairmscoil na bPiarsach
An chloch chomórtha á nochtadh
Crann á chur ag an gComhairleoir Peter Roche agus Mairtín Ó Droighneáin
Crann eile á chur ag Kevin Kelly agus Éabha Nic Searraigh, Scoil Bhriocáin
Réamonn Ó Flatharta a rinne an obair shnoíodóireachta ar an suíochán agus an chloch chomórtha
Ina suí ar shuíochán an Phiarsaigh: ar chúl, Criostóir Ó Máille agus Róisín Nic Dhonncha, Coláiste an Phiarsaigh. Chun tosaigh: Cathal Ó Mainín agus TJ Ó Cléirigh, Scoil Bhriocáin agus Katie Ní Mhainín agus Laoise de Búrca, Scoil an Turlaigh Bhig
Amhrán na bhFiann á chanadh tar éis leagan na bláthfhleisce