GAILEARAÍ: Luígí ar na maidí! Lá breá do na curachaí agus na báid seoil ag Féile Ros Muc

Bhí slua breá i láthair ag rásaí Fhéile Ros Muc ag an deireadh seachtaine. Foilsítear anseo cuid d'íomhánna na féile mar aon le torthaí na rásaí. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Gan leagan ar na maidí: foireann Inis Mhic Cionnaith Shane Mac Donncha, Mike loftus agus John Joe Donoghue
Foireann Inis Mhic Cionnaith, Shane Mac Donncha, Mike Loftus agus John Joe Donoghue

 

An St Teresa i rás na ngleoteogaí Dé Sathairn
An St Teresa i rás na ngleoteogaí Dé Sathairn

 

Lucht féachana ag an bhféile Dé Sathairn agus an St Katherine ag dul thart
Lucht féachana ag an bhFéile Dé Sathairn agus an St Katherine ag dul timpeall

 

Briocán Ó Mainnín agus Máirtín Ó Conaire
Briocán Ó Mainnín agus Máirtín Ó Conaire

 

Buaiteoirí rás Naomhóga: foireann Ciarraí/Gaillimh – Joe Rua Seoighe, Jackie Goodwin, Mairtín Pete agus Michael Pete Ó Maoilchiaráin
Buaiteoirí rás na Naomhóg: foireann Ciarraí/Gaillimh – Joe Rua Seoighe, Jackie Goodwin, Mairtín Pete agus Michael Pete Ó Maoilchiaráin

 

An Cheathrú Rua/Rosmuc - buaiteoirí rás curachaí na mban: – Georgina Ní Chualáin, Máire Bríd Breathnach, Nóra Nic Dhonnacha
An Cheathrú Rua/Ros Muc,  buaiteoirí rás curachaí na mban: Georgina Ní Chualáin, Máire Bríd Breathnach, Nóra Nic Dhonnacha

 

An Báid Mhór sa rás faoi scáth Cloch Mordáin
Bád Mór faoi scáth Chnoc Mordáin

 

Foireann na Ceathrún Rua: Ciarán, Jason agus Micheál Ó Cualáin
Foireann na Ceathrún Rua: Ciarán, Jason agus Micheál Ó Cualáin

 

Ná báid mhóra, An Capall, an American Mór agus an Mac Dara
An Capall, an American Mór agus an Mac Dara i rás na mBád Mór

 

Foireann Aird / Ros Muc: Pádraig Canavan, Micheál Éinniú agus Noel Ó Gríofa
Foireann na hAirde/Ros Muc: Pádraig Canavan, Micheál Éinniú agus Noel Ó Gríofa

 

'An Tónaí' agus 'An American Mór' i rás na mbád mór
‘An Tónaí’ agus ‘An American Mór’

 

Barbara Nee, Paula Sullivan, (Boston); Ann Griffin agus Anne Ffrench (Chicago) ag baint taitnimh as an bhféile
Barbara Nee, Paula Sullivan, (Boston); Ann Griffin agus Anne Ffrench (Chicago) ag baint taitneamh as an bhféile

 

Anthony Canavan, Aisling Nic Dhonncha agus Charlotte Hannon a ghlac páirt i rás na gcurachaí d'fhoireann mheasctha
Anthony Canavan, Aisling Nic Dhonncha agus Charlotte Hannon a ghlac páirt i rás na gcurachaí d’fhoirne measctha

 


Torthaí Fhéile na mBád i Ros Muc


 

Triúr Fear
1.        Ros Muc/Carna – Joe Rua Seoighe, Mairtín Pete Ó Maoilchiaráin, Michael Pete Ó Maoilchiaráin (curach 2)
2.       An Cheathrú Rua – Michael Ó Cualáin, Jason Ó Cualáin, Ciarán Ó Cualáin (curach 1)
3.       Inis Mhic Chionnaith – Shane Mac Donnacha, Mike Loftus, John Joe Donaghue (curach 4)
4.       An Aird/Ros Muc – Padraig Canavan, Micheál Éinniú, Noel Ó Gríofa (curach 3)

Triúr Ban
1.       An Cheathrú Rua/Ros Muc – Georgina Ní Chualáin, Máire Bríd Breathnach, Nóra Nic Dhonnacha
2.       Co. an Chláir/Gaillimh – Ruth O’Leary, Annie Lee, Kerryn Power
3.       An Cam/Ciarraí – Eileen Quirke, Breda Quirke, Siobhán Goodwin
4.       An Cheathrú Rua – Leona Ní Chualáin, Aisling Nic Dhonnacha, Niamh Ní Chualáin

Fear agus Bean
1.        Ros Muc/An Cheathrú Rua – Noel Ó Griofa, Georgina Ní Chualáin
2.       An Cheathrú Rua – Jason Ó Cualáin, Niamh Ní Chualáin
3.       Ros Muc 1 – Padraig Canavan, Máire Bríd Breathnach
4.       Ros Muc 2 – Anthony Canavan, Deirdra Ní Shúilleabháin

Sóisear (foirne measctha)
1.       Patrick Hussey, Georgina Ní Chualáin, Deirdra Ní Shúilleabháín
2.       Anthony Canavan, Charlotte Hannon, Aisling Nic Dhonnacha
3.       Darren Connolly, Bronagh Brennan, Mae McCarthy

Naomhóga
1.        Ciarraí/Gaillimh – Joe Rua Seoighe, Jackie Goodwin, Mairtín Pete Ó Maoilchiaráin, Michael Pete Ó Maoilchiaráin
2.       An Machaire/Aird Mhóir – John Joe Hussey, Colm O’Connor, Patrick Hussey, Pádraig Canavan

Báid Seoil

Gleoiteoga Móra – 1. Naomh Ciarán
Gleoiteoga Beaga – 1. Naomh Feichín
Midgets – 1. Sruthán Buí
Leathbháid – 1. Colm Cille
Báid Mhóra – 1. An Capall

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Luígí ar na maidí! Lá breá do na curachaí agus na báid seoil ag Féile Ros Muc'

  • Ciarán Ó B

    Roinnt grianghrafanna breátha ansin…

  • padraig

    sea go deimhin, maistir-cheardai a ghlac, an ceann den st Teresa an-suaithinseach go deo