GAILEARAÍ: Lucht na drámaíochta i gCois Fharraige d’Fhéile Náisiúnta na Drámaíochta 2018

Tháinig grúpaí drámaíochta Gaeilge chuig Conamara ag an deireadh seachtaine don Fhéile Náisiúnta Drámaíochta 2018, a bhí ar siúl in Amharclann Chois Fharraige, Indreabhán, Conamara. I measc na mbuaiteoirí i mbliana, bhí Aisteoirí Bhréanainn, Aisteoirí Mhíobhaigh, Aisteoirí an Lóchrainn agus Aisteoirí an tSean-Phobail

Mairéad Ní Chionnaith agus Gearóid Ó Tuama sa dráma ‘An Croí Fealltach’

 

Radharc as an dráma ‘An Croí Fealltach’ á léiriú ag Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach

 

Séamus Mac Craith sa dráma ‘An Lasair Choille’. Bhí Séamus sa dráma sin cheana agus é i bpáirt an fhir óig i léiriú a rinneadh ag deireadh na gcaogaidí.  Caitlín Maude a bhí i bpáirt Mhíoda an uair sin

 

Liam Ó Riain, Aisteoirí an tSean-Phobail agus é ag caint leis ‘An Lasair Choille’

 

Aisteoirí Bhréanainn ar an mbóthar go Corcaigh sa dráma ‘Turas Gan Tuisle’

 

Foireann an dráma ‘An Fear Siúil’ a léirigh Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne. Máire Ruiséal, Meadhbh Nic an Ultaigh agus Micheál Ó Coileáin. Bronnadh Gradam Aisteoireachta ar Mheadhbh

 

Sult á bhaint acu as An Fhéile Drámaíochta. (ó chlé) Boscó Ó Conchúir, Treasa Uí Néill, Pádraig Ó Héalaí agus Seán Ó Tuairisg

 

Gradam don léiriú a dhein sé ar an dá dhráma – ’An Fear Siúil’ agus ‘Turas Gan Tuisle’ á bhronnadh ar Thomás Ó hIceadha, Aisteoirí Bhréanainn

 

Gradam don Dearadh Stáitse á bhronnadh ar Shíle Ní Fhríl, Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh

 

Con Ó Cróinín, léiritheoir Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach, ag glacadh le Gradam Foirne

 

Gradam don Soilsiú á bhronnadh ar Bhoscó Ó Conchúir, Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne.

 

Gradam dá dhráma úrscríofa ‘Díshealbhú’ á bhronnadh ar Phroinsias Ó Cuilinn, Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh, Tír Chonaill ag Alan Esslemont Ardstiúrthóir TG4

 

I láthair ag na drámaí: Seán Ó Muimhneacháin, Cill na Martra; Máire Ní Dhuibhir, An Cnoc Breac agus Póilín Nic Chonaonaigh, An Spidéal

 

Buaiteoirí na nGradam le hAlan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4; Muiris Ó Súilleabháin, Moltóir; Máirtín Mac Donnchadha, Fear a’ Tí agus oifigigh An Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta, Mairéad Uí Fhátharta, rúnaí agus Seán Ó Morónaigh, stiúrthóir

 

Liam Ó Riain, Aisteoirí an tSean-Phobail, Na Déise agus Colma Ní Ghabháin, Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach. Bronnadh Gradaim Aisteoireachta orthu ag An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Lucht na drámaíochta i gCois Fharraige d’Fhéile Náisiúnta na Drámaíochta 2018'