Seán Ó hÉanaigh ag cur fáilte roimh an lucht freastail
An ceoltóir John Faulkner, a sheol an fhéile. Dúirt sé go raibh sé “faoi dhraíocht” ag amhránaíocht Uí Éinniú cé nár Ghaeilgeoir é
An slua i láthair ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim
Máire Uí Nia, neacht leis an amhránaí Dara Bán Mac Donnchadha, ag caint faoi Dhara Bán agus muintir Sheáin Choilm Mhic Dhonnchadha uile
Bríd Sheáin Choilm Madden ag féachaint ar fhíseán faoina deartháir, Dara Bán
Cuid de mhuintir Sheáin Choilm Mhic Dhonnchadha agus pictiúr Dara Bán sa chúlra
Muintir Éinniú ag an oscailt
Pauline Corbett agus Ann King agus beathaisnéis Joe Éinniú, le Liam Mac Con Iomaire, acu
Leabhar Liam Mhic Con Iomaire ar bronnadh cóip de ar gach duine a bhí i láthair
Róisín Nic Dhonncha, Peadar Keane agus Bríd Ní Mhaoilchiaráin
Ellen Éinniú, Bríd O’Donnell agus Robert Seoighe
Róisín Éinniú, Amy agus Sinéad Seoighe agus Máire Éinniú
Seisiún ceoil Tigh Mheaic, Carna, oíche Dé Sathairn
Micheál Ó Cuaig ag casadh amhráin i dTigh Mheaic, oíche Dé hAoine
Bríd Ní Mhaoilchiaráin ar stáitse
Mairtín Tom Sheáinín ag an gcoirm cheoil in Óstán Chuan Carna Dé Sathairn
Seán Ó Coisdealbha ag aithris filíochta
Úna Ní Fhlannagáin ar an gcláirseach agus Colman Connolly ar an bpíb uileann ag an gcoirm cheoil in Óstán Chuan Carna
Mairéad Ní Oistín ag amhránaíocht
Colm Ó Dubháin ar an mbosca ceoil, Nóirín Ní Ghrádaigh, ar an bhfidil agus Noirín Mhic Dhonnacha, ar an bhfeadóg mhór