GAILEARAÍ: Lá mór i bPáirc an Chrócaigh ag peileadóirí óga Gaeltachta

Reáchtáladh na GAAGaeilge Go Games an tseachtain seo agus deis tugtha d’imreoirí óga ó chumainn Ghaeltachta cluichí a imirt i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúir: Sportsfile

GAILEARAÍ: Lá mór i bPáirc an Chrócaigh ag peileadóirí óga Gaeltachta

Ghlac breis is 500 páiste ó chumainn CLG Ghaeltachta, ó Ghaelscoileanna agus ó chumainn eile ar mór acu an Ghaeilge páirt in ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo agus na GAAGaeilge Go Games á reáchtáil ag Cumann Lúthchleas Gael.

D’fhreastail foirne ó scór cumann agus scoil ar fud na tíre ar an lá mór i mBaile Átha Cliath, a eagraíodh chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Bhí imreoir na Gaillimhe Paul Conroy, atá ina Ambasadóir Gaeilge CLG, i láthair i bPáirc an Chrócaigh agus dúirt Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG, Jamie Ó Tuama, gur éirigh go hiontach leis an ócáid.

“Tá nasc nádúrtha idir ár gcluichí agus an Ghaeilge agus is bealach iontach na cluichí céanna le daoine a thabhairt le chéile. Bhí an-áthas orainn go raibh os cionn 500 as na seacht gcontae Gaeltachta, chomh maith le hÁth Cliath, Aontroim agus Tiobraid Árann páirteach sna bliotsanna agus chuile dhuine ag Gaeilgeoireacht ar feadh an lae.

“Tá muid thar a bheith sásta, freisin, gur fíoraíodh brionglóidí na gcéadta gasúr leis an deis seo imirt i bPáirc an Chrócaigh,” a dúirt sé.

Ansin as Gaillimh bhí foirne ó Charna-Caiseal, Ros Muc, Naomh Anna Leitir Móir, An Cheathrú Rua, Micheál Breathnach, An Spidéal agus Naomh Séamus. Bhí Gaoth Dobhair agus Laochra Loch Lao ann as Cúige Uladh. Bhí Scoil Uí Ghramhnaigh, Scoil Santáin, Cumann an Chloigthí as Cluain Dolcáin agus Na Gaeil Óga ann as Cúige Laighean agus bhí An Ghaeltacht (Port Láirge), Cumann Caide na Gaeltachta (Corca Dhuibhne), Lios Póil, Naomh Abán, Béal Átha an Ghaorthaidh agus Gaelscoil Chluain Meala ann as Cúige Mumhan.

Beidh na GAAgaeilge Go Games á n-eagrú arís amach anseo agus táthar ag súil le cuireadh a thabhairt do pháistí eile as ceantair Ghaeltachta eile agus as Gaelscoileanna eile.

Gaelscoil Chluain Meala, Tiobraid Árann

 

Naomh Anna Leitir Móir

 

Naomh Anna Leitir Móir

 

Naomh Anna Leitir Móir

 

Naomh Anna Leitir Móir

 

An Clogtheach, Cluain Dolcáin

 

An Clogtheach, Cluain Dolcáin

 

An Clogtheach, Cluain Dolcáin

 

An Clogtheach, Cluain Dolcáin

 

An Clogtheach, Cluain Dolcáin

 

An Clogtheach, Cluain Dolcáin

 

Naomh Abán

 

CLG Ghaoth Dobhair

 

An Ghaeltacht

 

Tuar Mhic Éadaigh

 

Clann na nGael, Ráth Chairn

 

 

Lios Póil

 

Naomh Séamus

 

Naomh Séamus

 

Laochra Loch Lao

 

Ráth Chairn

 

Mícheál Breathnach

 

An Spidéal

 

Na Gaeil Óga

 

CLG Bearna

 

 

 

An Ghaeltacht, Port Láirge

 

An Clogtheach, Cluain Dolcáin

 

An Clogtheach, Cluain Dolcáin

 

Carna/Caiseal Na Piarsaigh

 

Naomh Anna Leitir Móir

 

Scoil Santáin, Tamhlacht

 

An Clogtheach, Cluain Dolcáin

 

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Lá mór i bPáirc an Chrócaigh ag peileadóirí óga Gaeltachta'

  • Neasa Ní Dhonncha

    Pictiúirí álainn. Bhi an-lá ann.