GAILEARAÍ: Iris! Aip! Scoláireacht! Séala! Trí sheoladh agus bronnadh amháin ag mórócáid in ÓE, Gaillimh…

Ag mórócáid san Aula Maxima, An Chearnóg, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh inné, bronnadh séala creidiúnaithe aistriúcháin Fhoras na Gaeilge, fógraíodh Scoláireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha, seoladh an iris 'Léann Teanga - An Reiviú 2018' agus aip nua Fhoclóir Béarla-Gaelge an Fhorais. Pictiúir: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín

Sorcha (9) agus Lilí (7) Ní Mhaoilchiaráin, Maínis, Carna, Co na Gaillimhe agus an Ghaeilge ar  ‘strawberry blonde’ aimsithe acu ar aip nua foclóir.ie

 

Cuid de na daoine ar bronnadh teastais Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí orthu in éineacht le hionadaithe Fhoras na Gaeilge. In éineacht le hÉamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach agus Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach, an Fhorais tá Síle Dolan, Cáit Ní Bhriain, Maitiú Ó Coimín,  Elizabeth Warren, Pádraig Ó Ceallacháin, Jennifer Ní Mhaoileoin, Clár Ní Sheachnasaigh agus Sionainn Ní Ghréacháin

 

Ag seoladh na hirise, Léann Teanga: An Reiviú bhí, ó chlé: An Dr Dorothy Ní Uigín, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Áine Charlton, Sinéad Mansfield, Lisa McMahon, Máire Uí Mhurchú, Gráinne Ní Choisdealbha, Margarita Neothallaigh, Anna Ní Pheannróis, Clíona Uí Dhálaigh, Neasa Ní Choisdealbha agus Bernadette Uí Mhaoilchiaráin

 

Peig Mhic Dhonncha agus a mac, Eoin, sa lár, le Pól Ó Gallchóir, ar chlé, An Dr Dorothy Ní Uigín, Caitlín Nic an Ultaigh agus Seán Ó Coinn

 

An Dr Dorothy Ní Uigín ag bronnadh bláthanna ar Pheig Mhic Dhonncha, bean chéile Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar seoladh scoláireacht ina onóir

 

An scríbhneoir Ré Ó Laighléis ag seoladh na hirise, Léann Teanga: An Reiviú

 

An lucht freastail

 

An Dr Dorothy Uí Uiginn, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

 

Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge

 

Cathal Convery, Bainisteoir Tionscadail, Rannóg Foclóireachta, Foras na Gaeilge, ag seoladh aip an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Iris! Aip! Scoláireacht! Séala! Trí sheoladh agus bronnadh amháin ag mórócáid in ÓE, Gaillimh…'