GAILEARAÍ: Gradam saoil do Mhicheál Ó Muircheartaigh agus ceiliúradh bliana déanta ar Phlean Teanga i gCorca Dhuibhne

Bhí Svuít na Sceilge in Óstan na Sceilge, An Daingean, Co Chiarraí lán go doras oíche Dé hAoine nuair a rinne Tobar Dhuibhne ceiliúradh ar bhliain Phlean Teanga Ciarraí Thiar agus bronnadh Gradam Saoil ar Ghael cáiliúil ón dúthaigh sin, Micheál Ó Muircheartaigh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie