GAILEARAÍ: ‘Go bhfága Dia an tsláinte agaibh’ – beannacht deiridh Mháirtín Tom Sheáinín

Chraol an láithreoir raidió mór le rá, Máirtín Tom Sheáinín, a Ardtráthnóna deiridh i gCasla, Conamara inné. Tháinig na céadta beannachtaí as na ceithre hairde do chraoltóir a raibh gean an phobail aige. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Máirtín Tom Sheáinín, fear a raibh an-dáimh aige leis na héisteoirí ag obair ar an Ardtráthnóna deireanach

 

Máirtín ag fáil faoi réir don chlár

 

Is gearr uainn Ardtráthnóna

 

Fáilte go dtí Ardtráthnóna i gCasla

 

Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin, ar an líne. “Ar chuala tú an t-amhrán Goodbye, Mary Lou, a Mhary Lou?”

 

“Good luck”. Ceann de na céadta cárta ag guí gach rath ar an gcraoltóir as Leitir Calaidh

 

Ní bheidh aon bhuidéal fuisce á ól agat agus tú ag tiomáint?

 

Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha na gCláracha, ag tabhairt cuntas ar shaol raidió Mháirtín agus ag tréaslú a ghaisce craoltóireachta leis

 

Cáca i gcrot raidió agus muigín tae láidir á bhronnadh ar Mháirtín

 

‘Go dtuga Dia slán sibh’. Cuireann Máirtín críoch leis an gclár

 

Tugann foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla bualadh bos mór dá gcomhghleacaí agus é ag fágáil

 

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘Go bhfága Dia an tsláinte agaibh’ – beannacht deiridh Mháirtín Tom Sheáinín'

  • Mícheál

    Craoltóir cumasach cairdiúil agus duine breá tuiscionach agus cuideachtúil. Fad saoil chugat a Mhairtín agus tán tú ró-óg fós chun a bheith ar do phinsean.
    Ag súil le tuilleadh a chloisint uait go minic sna blianta fada atá rómhainn.
    Go maire tú aois Choilm mar is gnáth leat féin a rá.
    Ó gach duine ‘Ó Dheas’.

  • Éamonn Ó Gribín

    Guím gach rath agus scor fada sona ar Mháirtín Tom Sheáinín, agus mo bhuíochas a ghabháil leis as na cláir shiamsúla den scoth a chuir sé ar fáil thar na blianta.