GAILEARAÍ: Gasúir Thuismitheoirí na Gaeltachta ar cuairt ar Áras Mhic Dara na Ceathrún Rua

Chuaigh Tuismitheoirí na Gaeltachta agus a ngrúpa spraoi 'Gligíní' ag cuartaíocht in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua inné, Lá Fhéile Bríde agus lá 'Leabhra Feabhra', agus bhain óg agus aosta sult as an gcuairt

An grúpa spraoi ‘Gligíní’  in Áras Mhic Dara

 

Josie Mac Donncha ag léamh ‘Bran ag Comhaireamh’ dá Dhaideo Joe Cholman Mac Donncha

 

Áine Ní Chualáin lena sin-seanmháthair Nóra Joe Bheartla Uí Mhaoildhia leis an leabhar ‘Babaí Beag’

 

Na ‘Gligíní’ gnóthach ag dathú

 

Éabha Ní Fhlatharta agus Nathan Ó Flatharta le rogha leabhar ó  hCló Iar Chonnacht, Futa Fata agus Leabhar Breac  

 

An scéalaí Máirín Mhic Lochlainn agus an leabhar Lúlú á léamh aici do na Gligíní

 

Meaig Uí Dhomhnaill agus dúil aici sa leabhar ‘Cathal’ agus í á léamh do Josie Mac Donncha

 

Faoi dhraíocht ag ‘Lúlú agus an Oíche Dhorcha’

 

Nathan Ó Flatharta, Rónán Ó Gríofa agus Áine Ní Chualáin ag baint lán na súl as na leabhair

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Gasúir Thuismitheoirí na Gaeltachta ar cuairt ar Áras Mhic Dara na Ceathrún Rua'