Fuair An Ghaeltacht an ceann is fearr ar an dTeampall Nua inniu chun craobh idirmheánach an chontae a bhuachan den chéad uair ó 1998 agus den tríú huair riamh. 1-12 - 0-14 an scór i bPáirc Aibhistín de Staic. Tabharfaidh fir na Gaeltachta aghaidh anois ar Mhala i gCraobh na Mumhan. Pictiúir le Seán Ó Mainnín
Dé Luain, Deireadh Fómhair 30 2017 ag 1:24 pm
Comhghairdeachas
Dianchoimhlint
An chaid ag Roibeard Ó Sé
An chaid seolta slán ag Óigí Ó Sé
Greim ar an liathróid ag Tomás Ó Sé agus Mike Halissey, An Teampall Nua á chur faoi bhrú
Ar sodar: Brian Ó Beaglaoich
Cúl á scoráil ag Seán M Ó Conchúir in ainneoin iarrachtaí na gcosantóirí
Ard san aer! Roibeard Ó Sé, An Ghaeltacht
Is liomsa í!
PJ Mac Láimh ag tabhairt faoi scór
Éanna Ó Conchúír, An Ghaeltacht, ar ruathar agus Tadhg Morley, An Teampall Nua sa tóir air
Ag faire ar an bhriseadh
Óigí Ó Sé ag tabhairt na cosa leis
Níl cead. Geansaí Bhriain Uí Bheaglaoich á tharraingt
Cic i dtreo an chúil ag Dara Ó Sé
Cathal Ó Luing faoi bhrú ó Thadhg Morley
Pádraig Ó Sé, laoch na himeartha, ar ruathar eile
Gearóid Mac an tSaoir ag tabhairt faoi scór
Pointe cinniúnach faighte ag Gearóid Mac an tSaoir
An fheadóg séidte agus an cúram déanta!
Tomás Ó Sé, Cathal Mac Gearailt agus Óigí Ó Sé
Marc Ó Sé agus a chlann
An captaen Colm Ó Muircheartaigh ag glacadh leis an gcorn
Cathal Ó Luing ags Dara Ó Sé
Seaimpíní!
Comhghairdeachas
Lucht bainistíochta
Gearóid Mac an tSaoir lena athair, Diarmuid i dTigh an tSaorsaigh ar an mBuailtín
Gearóíd Ó Cinnéide ag ceiliúradh leis an gcorn i dTigh an tSaoirsigh, Baile an Fheirtéaraigh
An ceiliúradh
Tá an corn sa bhaile. Foireann na Gaeltachta i mBaile an Fhéirtéaraigh
An captaen Colm Ó Muircheartaigh agus a mháthair chríonna, Martina i dTigh an tSaorsaigh
An Ghaeltacht: buaiteoirí chraobh idirmheánach chontae Chiarraí 2017
Nóirín Ui Mhuircheartaigh
Sar phictuiri a Sheain. Mile buiochas
Tomàs Ó Cruadhlaoich
Pictiúirí gleoite, stairiúla, Seán – an chluiche agus an chéiliúradh! Dheas liom bualadh leat i dTigh an tSaorsaigh agus anseo sa tigh!