GAILEARAÍ: Foláireamh ‘Oráiste’ tugtha agus baol tuilte ag an deireadh seachtaine

An Clár, Corcaigh agus Ciarraí is mó atá i mbaol tuilte agus drochaimsir geallta arís an deireadh seachtaine seo. Pictiúir le Rollingnews.ie

Tá an Grúpa Náisiúnta Comhordaithe le haghaidh Éigeandálaí sa tír seo tar éis teacht le chéile ar maidin chun cúrsaí aimsire a phlé agus foláireamh tugtha anois acu go n-ardóidh leibhéal an uisce in Abhainn na Sionainne an deireadh seachtaine seo.

Foláireamh ‘óráiste’ atá tugtha ag Met Éireann anois le haghaidh chontae an Chláir, contae Chorcaí agus contae Chiarraí. Tá báisteach throm geallta don deireadh seachtaine, go háirithe i gCúige Mumhan, Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean.

Leanfaidh an bháisteach uirthi ag titim i gcaitheamh na hoíche anocht agus le linn an lae amáraigh agus tuairiscítear go mbeidh idir 30mm agus 50mm báistí ann. Is troime an bháisteach a thitfeas ar thalamh ard agus táthar ag súil le tuilleadh tuilte.

Foláireamh ‘Stádas Buí’ atá tugtha le haghaidh na gcontaetha seo a leanas: Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, An Longfort, Loch Garman, Cill Mhantáin, Uíbh Fhailí, An Iarmhír, Luimneach agus Tiobrad Árann.

Ceaptar go dtitfidh suas le 80mm báistí sna réigiúin seo.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Foláireamh ‘Oráiste’ tugtha agus baol tuilte ag an deireadh seachtaine'