GAILEARAÍ/FÍSEÁN: An Chéad Dáil athchruthaithe ag lucht na Taibhdheirce sa Ghaillimh

Rinne An Taibhdhearc athchruthú in Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire i nGaillimh ar imeachtaí na Chéad Dála a bunaíodh cothrom an lae inné 100 bliain ó shin. Bhain na céadta siopadóirí lán na súl as an gcomóradh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín agus Físeán: Molscéal/TG4

Físean: Molscéal

Diarmuid de Faoite agus Catherine Denning ag máirseáil trí shráideanna na Gaillimhe i dtreo Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire. Is ann a rinne An Taibhdhearc imeachtaí na Chéad Dála  a athchruthú

 

An t-aisteoir Diarmuid de Faoite

 

Na sluaite ag déanamh iontais den ócáid

 

Paidir ag tús na Chéad Dála

 

An Ceann Comhairle (Seán Ó Coistealbha) ag cur tús le himeachtaí na Dála

 

Bhreathnaigh slua mór ar léiriú na Taibhdheirce

 

Imeachtaí na Chéad Dála á n-athchruthú cothrom an lae 100 bliain ó bunaíodh í ar an 21 Eanáir 1919

 

An t-aisteoir Diarmuid de Faoite

 

An t-aisteoir Áine Ní Dhroighneáin

 

 

An t-aisteoir Mike P Ó Conaola

 

Teachtaí Dála na Taibhdheirce

 

Cuid den chliar le cuid den lucht féachana, ina measc Cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce Aodh O Coileáin agus Méara na cathrach, Dónal Lyons

 

Séamus Hughes, Mike P Ó Conaola, Seán Ó Coistealbha, Deirbhile Ní Churraighín, Gearóidín Mhic Thomáis agus Áine Ní Dhroighneáin

 

Bainisteoir Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire, Avril Smith, ar chlé, le Dónal Lyons, Aodh Ó Coileáin agus  Micheál Ó Meallaigh a stiúir an comóradh ar bhunú na Chéad Dála

 

Diarmuid de Faoite, Emer O’Flaherty, Bainisteoir  na  Taibhdheirce, James Harrold, Oifigeach Ealaíne, Comhairle Chathair na Gaillimhe agus Catherine Denning, aisteoir

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ/FÍSEÁN: An Chéad Dáil athchruthaithe ag lucht na Taibhdheirce sa Ghaillimh'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Chonac an gheamaireacht seo ar TG4 Dé Luain agus cheapas gur ábhar magaidh a bhí ann. Go háirithe agus na rannpháirtithe ar fad ag caitheamh na hataí arda – hata a dhiúltaigh De Valera a chaitheamh go dtí go raibh sé ina uachtarán. Oiriúnach do Ghaillimh 2020 b’fhéidir, ach nach mbeifeá ag súil leis ó lucht na Taidhbhearca go háirithe.
    Ar an mír nuachta chéanna, taispeánadh cruinniú Chomhairle Contae Corcaigh agus an cruinniú acu go hiomlán tré Ghaeilge – b’shin comóradh le dealramh.

  • Diarmuid de Faoite

    Tá an ceart agat faoi na hataí, gan aon agó. Ní raibh buiséad gur fiú tracht air don ócáid, obair dheonach ó fhormhór na foirne. Cuireadh imeachtaí na Céad Dála i láthair go hómósach agus go cuí, ina iomlán, mar a bhí, agus d’fhan cupla céad duine ag faire air ó thús deireadh i lár ionad siopadáoireachta. Cuireadh greann leis in áiteacha chun daoine a choinneáil leis an scéal agus chun súil comhaimsireach a chaitheamh siar air na himeachtaí stairiúla sin: níl mórán daoine ar an saol seo a chaithfeadh uair go leith ag éisteacht le hOireachtas TV, sa mbliain 2020 ná 1919. Cuireadh clár comórtha ar fáil freisin don tslua ina raibh cúig aiste agus cúlra na Dála tugtha agus d’fhreastal slua mór ar an léacht leis an Ollamh Ó Tuathaigh a bhí ar siúl ina dhiaidh san Amharclann. D’éirigh leis an Taibhdhearc an ócáid a mharcáil go cuí agus go cliste, ag úsáid eilimintí den amharclannaíocht sráide, de pageantry agus den ghnáth cur i láthair. An féidir an rud céanna a rá faoin Amharclann Náisiúnta eile atá againn? Cuimhnigh: níl sa nuacht ach an ceann líne.