Tugadh léiriú ar mheon fhiontraithe óga na Gaeltachta nuair a thug moltóirí camchuairt ar sheastáin ‘comlachtaí’ a bunaíodh don chomórtas fiontraíochta seo. Cé na hearraí nó seirbhísí a n-éireoidh leo san aonach mór? Cad a mheallfadh an custaiméir chuig siopa nó gnó amháin thar cheann eile? Sin a bhí ag dó na geirbe ag scoláirí/fiontraithe Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Choláiste Cholmcille, Indreabhán agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua.
Rinne siad taighde, rinne siad machnamh agus rinne siad díospóireacht i gcuideachta a chéile agus tháinig aníos leis an “earra ceart” a cheannódh duine. Chuir na moltóirí ceisteanna orthu faoi na hearraí éagsúla féachaint an raibh aon mhaitheas leo. Sa deireadh, chuaigh tairiscintí dhá ghnó i gcionn ar na moltóirí. Fuair Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, an chéad duais sa chomórtas lena gcomhlacht ‘Bíodh Gloine a’t’!! agus bhain Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an dara duais de bharr a gcomhlachta siadsan ‘Aprún Pearsanta Cistin’.
Rachaidh Coláiste Chroí Mhuire in iomaíocht le buaiteoir an chomórtais as Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne, a bheidh ar siúl i mí Aibreáin.