GAILEARAÍ: ‘Fighting Words – Conamara’ seolta ag Roddy Doyle in Ionad an Phiarsaigh

Bhí lá mór ag scoláirí Rang a Sé i Scoil Éinne an Spidéil, nuair a d’fhreastail siad ar cheardlann scríbhneoireachta in Ionad an Phiarsaigh, Ros Muc, leis an scríbhneoir cáiliúil Roddy Doyle. Bhí an t-údar i láthair chun ‘Fighting Words’ – Conamara’, an chéad bhrainse den eagraíocht scríbhneoireachta sa Ghaeltacht a sheoladh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín