GAILEARAÍ: ‘Fear Inis Bearachain’ – albam nua Johnny Óg Connolly seolta Tigh Chualáin

Bhí togha na gceoltóirí Tigh Chualáin i gCois Fharraige an Satharn seo caite nuair a sheol Johnny Óg Connolly albam nua in ómós dá athair ‘Fear Inis Bearachain’ ar lipéad Chló Iar-Chonnacht. Labhair Meaití Joe Shéamuis agus Neansaí Ní Choistealbha, RnaG, faoina athair Johnny Connolly nach bhfuil ina shláinte faoi láthair. Pictiúir: Seán Ó Mainnin