Léirigh an gean agus an fháilte a cuireadh roimh Duffy agus a pháirtí, Linda Purl, nach bhfuil Bobby Ewing ná Dallas dearmadta ar chor ar bith ag pobal Chonamara. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
An t-aisteoir Patrick Duffy ar stiúir an bháid mhóir, ‘An Tónaí’ le Rónán Ó Briain, ar lena mhuintir an bád. is léir go bhfuil ‘The Man from Atlantis’ ar a chompord ar an bhfarraige.
An staraí agus bainisteoir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin, John Bhaba Jeaic Ó Conghaile ag cur fáilte mhór roimh Patrick Duffy agus a pháirtí, Linda Purl
Suim mhór ag na meáin i gcuairt Patrick agus Linda chuig Ceantar na nOileán
Patrick Duffy leis an amhránaí Maidhc Jimmy Ó Curraoin agus an ceoltóir Sonny Choilm Learaí
Patrick Duffy ag Céibh Bhairéad i Leitir Mealláin agus é réidh le dul amach ar an Tónaí
Gearóid Ó Droighneáin ag damhsa ar an mbád le ceol Sonny Choilm Learaí
Patrick Duffy ag éisteacht le Maidhc Jimmy Ó Curraoin ag rá amhráin
An-suim ag Patrick agus Linda i stair na háite agus an seanchas faoi ‘Hy Brasil’ nó Árainn Bheag ó John Bhaba Jeaic
Tar éis na seoltóireachta bhuail Patrick isteach san Ionad Oidhreachta i Leitir Mealláin agus chuir a ainm sa leabhar
Ag déanamh iontais de na sean-uirlisí
Sarah Ghriallais ag casadh amhráin do na cuairteoirí
Múnla báid mhóir á bhronnadh orthu ag John Bhaba Jeaic
Patrick Duffy ag gabháil buíochas as ‘mórfháilte Chonamara’
Caithfear pictiúr a fháil le ‘Bobby Ewing’, laoch mór na linne siúd!
Bhuail Patrick Duffy isteach Tigh Mhichael Jack, in Eanach Mheáin, ar a bhealach aniar. Ina chuideachta tá Réamonn Ó Máille, An Máimín agus Máirtín Ó Lochlainn agus John Joe Ó Cualáin, Leitir Móir
Fear an Tí, Máirtín Tom Sheáinín, Tigh Mhichael Jack, ag comhrá leis na cuairteoirí
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Fáilte mhór go Conamara roimh réalt mhór na sraithe teilifíse ‘Dallas’, Patrick Duffy'