D'fhill gaiscígh na hÉireann sna Cluichí Parailimpeacha abhaile ón tSeapáin aréir agus bhí cairde agus gaolta ag fanacht leo i mBaile Átha Cliath
Bhuaigh Nicole Turner, Gary O’Reilly, Ellen Keane, Katie George Dunlevy agus Eve McCrystal boinn ag na Cluichí Parailimpeacha 2020 agus cuireadh fáilte chroíúil abhaile rompu aréir. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Ba í an snámhaí Ellen Keane a bhuaigh an chéad bhonn d’Éirinn i dTóiceo agus bonn óir tugtha léi sa snámh brollaigh 100m. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
D’fhág an phaindéim nach raibh teaghlaigh ná cairde na lúthchleasaithe in ann a bheith sa tSeapáin le linn na gCluichí. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Keane agus a bonn. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Barróg eile don laoch. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Rinne na rothaithe Katie George Dunlevy agus Eve McCrystal gaisce ar leith i dTóiceo agus dhá bhonn óir agus bonn airgid buaite acu. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
An bheirt ghaiscíoch le cuid dá muintir. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Bhuaigh an lámhrothaí Gary O’Reilly bonn cré-umha sa Triail Ama H5. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Nicole Turner, a bhuaigh bonn airgid sa snámh féileacáin 50m, lena muintir. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Jason Smyth, a tháinig abhaile an tseachtain seo caite, ag taispeáint an bhoinn óir a bhuaigh sé sa rás 100m dá iníonacha, Lottie agus Evie, agus dá bhean Elise. Pictiúr: INPHO/Presseye/Kelvin Boyes
Jason Smyth, a bhuaigh sé bhonn óir ar fad ag na Cluichí Parailimpeacha, lena athair Llyod agus a mháthair Diane. Pictiúr: INPHO/Presseye/Kelvin Boyes
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Fáilte mhór abhaile curtha roimh laochra Parailimpeacha na hÉireann'