GAILEARAÍ: Duaiseanna liteartha an Oireachtais bronnta i gCill Airne

Fógraíodh buaiteoirí Ghradaim Liteartha an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne inné, ina measc buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin agus Ghradam Réics Carló do leabhair na bliana. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Liam Ó hÓgáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, a fuair gradam dá aiste ‘Laochra Liathróid Láimhe’

 

Conor Ó Gallachóir, Gort an Choirce a fuair duais dá aiste ‘Fear an ghleanna- Pádaí Beag Mac Giolla Easbuic’

 

Máire Ní Fhrighil, Coláiste Chroí Mhuire gan Smál, An Spidéal, a fuair gradam iriseoireachta dá halt faoi ghéarchéim na dteifeach

 

Katie Ní Ghallachobhair, Coláiste Chroí Mhuire gan Smál, An Spidéal, a fuair an chéad duais dá scéal ‘Jenna’

 

Méabh Ní Chonaill, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí, a fuair duais dá scéal ‘Neasa agus Máire’

 

Aifric Ní Scolaí as  Indreabhán a fuair duais dá scéal ‘Fan’

 

Alanna Nic Láimh as Baile na nGall a fuair duais dá dán ‘Fungi’

 

Caitríona Ní Chonaill, Maigh Chromtha, a fuair duais dá dán ‘An Stoirm’

 

Briain Ó Baoill as Indreabhán a fuair duais i gComórtas Cuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc

 

Seán Mac Dhonnagáin as Baile Átha Cliath a fuair duais dá dhráma aonghnímh ‘Ar Snámh’

 

Áine Ní Ghlinn a fuair an chéad áit i gComórtas Cuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc

 

Pádraig Ó Dubhghaill ag glacadh le duais thar ceann Fhil Uí Dhubhghaill as Indreabhán i gComórtas Cuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc

 

Máirín Uí Shé a fuair duais i gComórtas Cuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc

 

Bróna Uí Uallacháin as an Spidéal a fuair duais  i gComórtas Cuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc

 

Ceaití Ní Bheildiúin, Baile na nGall, a fuair an duais don chnuasach filíochta is fearr dá saothar ‘Agallamh sa Cheo’

 

Seán Ó Muireagáin, as Béal Feirste, a fuair an chéad duais dá ghearrscéal, An Chóir Chodlata

 

Seán Ó Dubhda, Ráth Chairn, a fuair duais dá ghearrscéal ‘Gloine Watford’

 

Colm Ó Lorcáin as Baile Átha Cliath a fuair an chéad duais d’ábhar d’fhoghlaimeoirí fásta dá aistriúchán ar ‘Vous N’aurez Pas Ma Haine’ le Antoine Leiris

 

Eoghan Mac Giolla Bhríde a fuair an duais próis dá shaothar ‘Ó Chnámh go Smior’

 

Maire Zepf a fuair an chéad duais sa rannóg Ficsean do Dhaoine Óga (13-15) dá saothar ‘Nóinín’

 

Colm Mac Confhaola as Loch Garman a fuair an dara duais sa chomórtas úrscéil dá shaothar ‘I mBláth na hÓige’

 

Proinsias Mac an Bhaird a fuair an chéad áit dá úrscéal ‘Tairngreacht’

 

Alan Titley a fuair an gradam do ‘Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana’ dá shaothar próis LÚBA

 

Pól Ó Gallchóir, cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, i mbun cainte

 

Breda Ní Chonghaile ó Futa Fata, an teach foilsitheoireachta  a bhuaigh Gradam Réics Carló do leabhar na bliana do dhaoine óga don saothar ‘Bliain na nAmhrán’ le Tadhg Mac Dhonnagáin

 

Caoilfhionn Nic Pháidín ó Chois Life, an teach foilsitheoireachta a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin do leabhar na bliana don saothar ‘Oilithreacht Pinn’ le Liam Ó Muirthile

 

Na buaiteoirí ag Gradaim Liteartha Oireachtas na Gaeilge le Cathaoirleach an Oireachtais Máirín de Brún agus hUachtarán an Oireachtais Máirín Uí Chonghail

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Duaiseanna liteartha an Oireachtais bronnta i gCill Airne'

  • Seán Hade

    Maith sibh, tá éacht bainte amach ag chuile dhuine agaibh!