GAILEARAÍ: Drochaimsir ar chósta an iarthair

Rinne Stoirm Rachel ionradh ar chósta an iarthair inniu, Déardaoin 15 Eanáir. Feicfidh tú anseo an réabadh a rinneadh ar Thrá an Dóílín i gConamara; Macdara Ó Céidigh, tiománaí meaisín ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe,  i mbun obair chosanta ar an trá cháiliuil ar an gCeathrú Rua; ba ag lorg foscaidh ón doineann; faoileáin ag faoileáil leis sa ghaoth; agus fear agus a mhadra amuigh ag siúl agus gan aon bheann acu ar an drochaimsir. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie