GAILEARAÍ: Diancheisteanna ag daltaí scoile Chonamara do na hiarrthóirí toghcháin ar RnaG

Cuireadh mionscrúdú ar iarrthóirí olltoghcháin Ghaillimh Thiar ar Raidió na Gaeltachta le déanaí. Daltaí as Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc agus Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna a bhí i mbun na gceisteanna. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Oisín Ó Coisdealbha, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ag déanamh jab an chraoltóra, Cormac Ó hEadhra, agus é ag cur na ceiste ar Sheán Kyne, FG, Niall Ó Tuathail, Daonlathaigh Shóisialta, Catherine Connolly, neamhspleách, Éamon Ó Cuív FF, Mairéad Farrell SF, agus Maitiú de Hál, thar ceann Conor Burke, Neart le Chéile

 

Cormac Ó hEadhra ag cur tús le Nuacht a hAon RTÉ Raidió na Gaeltachta agus na scoláirí agus na polaiteoirí réidh don díospóireacht

 

Mairéad Farrell, Sinn Féin, ag caint. Ina teannta, tá Maitiú de Hál, thar ceann Conor Burke, Neart le Chéile agus Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil

 

Scoláirí ag éisteacht le freagra Mhaitiú de Hál, a bhí i láthair thar ceann Conor Burke, Neart le Chéile

 

Seán Kyne, Catherine Connolly agus Niall Ó Tuathail

 

Catherine Connolly, iarrthóir neamhspleách, ag tabhairt freagra ar cheist faoin timpeallacht

 

Niall Ó Tuathail, Daonlathaigh Shóisialta

 

Seán Kyne, Fine Gael ag freagairt ceist ó na daltaí

 

Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, ag caint faoi na bóithre i gConamara

 

Scoláire ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, agus ceist aige do na polaiteoirí

 

Ceist ag scoláire ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán

 

Mairéad Farrell, Sinn Féin ag tabhairt freagra ar cheist

 

Ceist ag scoláire as Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna

 

Seán Ó Gallachobhair, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus eolas á lorg aige

 

Na polaiteoirí á meas ag na daltaí

 

Daltaí Choláiste Cholmcille agus a súil acu ar phost Chormaic Uí Eadhra

 

Cormac agus daltaí as Scoil Phobail Mhic Dara, Carna

 

Daltaí  Choláíste Naomh Feichín, Corr na Móna, le Cormac Ó hEadhra agus Éamon Ó Cuív, arb as Corr na Móna é féin

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Diancheisteanna ag daltaí scoile Chonamara do na hiarrthóirí toghcháin ar RnaG'