GAILEARAÍ: Daltaí óga na Gaeltachta ar ais ar an ardán ag Coirm Gael Linn

An tseachtain seo caite, den chéad uair le dhá bhliain anuas, bhí daltaí óga ar ais ar stáitse Amharclann na Cathrach, Gaillimh, d'fhéile na mbunscoileanna Coirm Gael Linn. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Páistí ó Scoil Bhríde, Mionlach, Contae na Gaillimhe agus ‘An Tornapa Mór’ á léiriú acu

 

 

Na gluaiseachtaí ar a dtoil acu

 

Is deas ‘haigh’ a rá le do thuismitheoirí ón ardán

 

 ‘An Tornapa Mór’

 

Daltaí  Scoil Bhríde an-sásta agus a léiriú thart

 

Thug daltaí Scoil Cholmcille, Leitir Móir, Conamara, bus leo dá ndráma ‘Giorraíonn Beirt Bóthar’

 

Céard atá ag tarlú ag stad an bhus?

 

Timpiste bhóthair. 

 

Feirmeoir ag cuidiú le máthair agus í ag saolú linbh

 

Bualadh bos breá ón lucht féachana do Scoil Cholmcille, Leitir Móir

 

Fear an uachtair reoite gafa ag an nGarda Peter Ó Dubháin, Scoil Cholmcille

 

Uachtar reoite do na haisteoirí

 

Cur i láthair iontach ón draíodóir Stephen McGinley 

 

‘An Dochtúir Doom agus Micilín’ á léiriú ag daltaí Scoil Bhriocáin, Ros Muc

 

Faoi luíochán ag coiníní na Cásca!

 

Ar luascadh i gciseán balún te

 

Daltaí Scoil Bhriocáin, a múinteoir, Lisa, agus an léiritheoir, Beartla Ó Flatharta, breá sásta lena gcuid oibre

 

Uachtar reoite blasta tuillte ag na haisteoirí óga

 

An draíodóir, Stephen McGinley, agus moltóir Coirm Gael Linn, Gráinne Bleasdale, ag bronnadh Gradam Coirm 2022 ar Alanna Newell agus Brian McEnroy, Scoil Bhríde, Mionlach, Co na Gaillimhe

 

Gradam Coirm 2022 do Cian Gillen agus Ellen Heneghan, Scoil Bhríde

 

Lily Gilroy agus Cillian McHale, Scoil Bhríde

 

Oisín Ó Nia agus Makayla Ní Mhainnín, Scoil Cholmcille, Leitir Móir

 

Shóna Ní Lochlainn agus Ava Ní Fhlatharta, Scoil Cholmcille, Leitir Móir

 

Gráinne Bleasdale sna trithí gáire agus Aindriú Ó Flatharta, Scoil Cholmcille, ag múineadh siúl an tseanfheirmeora di

 

Gradam Coirm Gael Linn d’fhear na wellingtons, Aindriú Ó Flatharta, Scoil Cholmcille, Leitir Móir

 

Gradam ag Joe Ó Cuanaigh agus Fiachra Ó Niaidh, Scoil Bhriocáin, Ros Muc

 

Gradam Coirm 2022 bronnta ar Fhéilim Mac Uidhir agus Tomás Ó hEithir-Gionnáin, Scoil Bhriocáin, Ros Muc

 

Gradam tuillte ag Iona Ní Laoi, Scoil Bhriocáin, Ros Muc

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Daltaí óga na Gaeltachta ar ais ar an ardán ag Coirm Gael Linn'