Bhí Daidí na Nollag agus na céadta Gael i láthair ag imeachtaí Fhleadh Feirste in iarthar na cathrach le déanaí
Gradam Sheáin Mhic Seáin á bhronnadh ag Seán féin ar Aoibhe Waring, buaiteoir ‘Seó Aisling Óg’
An scríbhneoir Dónall Mac Giolla Chóill i measc dream ‘ninga’ óg
Gráinne Holland agus a cairde i mbun ceoil in Áras Uí Chonghaile
Linda Ervine agus an grúpa a bhí ar ‘Turas Gaelach Phobal Feirste’
An grúpa Dáimh as Albain ag seinm ag mórchoirm cheoil na féile sa Chultúrlann
Dáithí Mac Gabhann, buachaill trí bliana d’aois atá ag feitheamh ar aistriú croí, lena athair Máirtín, agus iad ag cuidiú le Daidí na Nollag na soilse Nollag a lasadh
Brìghde Chaimbeu, píobaire aitheanta agus cainteoir dúchais Gàidhlig, ag seinm leis an bhoscadóir Edel Ní Churraoin
Geamaireacht na Nollag á léiriú ag Ababú sa Chultúrlann
An Feisire Parlaiminte nuathofa agus Ard-Mhéara Bhéal Feirste John Finucane ag cur tús le himeachtaí Fhleadh Feirste
Máire Bean Uí Bhruadair ag seoladh dírbheathaisnéis an Ghaeilgeora agus an phoblachtaigh, Jake Mac Siacais, ‘Ón Taobh Istigh‘, a d’fhoilsigh Coiscéim
Beochraoladh ‘Nuacht a hAon’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, á chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra
Neart spraoi ag seoladh leabhar nua Mháire Zepf, ‘Rita agus an Ninja’ atá foilsithe ag An tSnáthaid Mhór
Neart bronntanas ag Daidí na Nollag agus a chuid eilfeanna do pháistí óga na fleidhe
Ceiliúradh ealaíonta ar phobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Daidí na Nollag agus na céadta Gael i láthair agus Fleadh Feirste á ceiliúradh don deichiú bliain'