Ba é Paddy Barnes a d’iompair brat na hÉireann ag searmanas oscailte Rio 2016
Ba é Dan Martin an chéad duine a chuaigh san iomaíocht d’fhoireann na hÉireann ach níor éirigh leis sa rás bóthair
Gortaíodh an gleacaí Kieran Behan, ach thuill sé moladh ar leith as an gcomórtas a chríochnú dá ainneoin
Bhí briseadh croí i ndán do Paddy Barnes agus é sa tóir a thríú bonn as a chéile ag na Cluichí Oilimpeacha. Chaill sé ina chéad bhabhta in aghaidh Samuel Carmona Heredia na Spáinne.
Bhí Annalise Murphy ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh as a teip i Londain in 2012 agus chuir sí tús maith leis an gcomórtas seoltóireachta.
Cé gur bhuaigh Sanita Puspure Babhta Ceannais C sa rámhaíocht, bhí díomá uirthi nuair a theip uirthi Babhta Ceannais A a bhaint amach.
Ní raibh sárú Michael Phelps ann sa linn snámha. Bhain an Meiriceánach sé bhonn eile i Rio le cur lena stór, cúig cinn óir san áireamh.
Lean an mí-ádh na hÉireannaigh sa chró dornálaíochta nuair a chaill Joe Ward in aghaidh Carlos Andres Mina
Rinne Claire Lambe agus Sinéad Lynch gaisce babhta ceannais A a bhaint amach sa rámhaíocht.
Bhuaigh deartháireacha Chorcaí, Gary agus Paul O’Donovan, an chéad bhonn d’fhoireann na hÉireann nuair a d’éirigh leo an dara háit a fháil sa chomórtas bád beirte éadroim.
Chuaigh a réchúisí agus a ghealgháirí is a bhí na deartháireacha i bhfeidhm go mór ar dhaoine ag na Cluichí.
Ní raibh mórán ag súil go n-éireoidh le Scott Evans cáiliú as a ghrúpa sa bhadmantan ach d’éirigh leis
Bhí díomá i ndán do Mark English, ar theip air áit a bhaint amach sa bhabhta ceannais sa rás 800m
Usain Bolt agus an 100m agus 200m buaite arís ag an Iamácach, an tríú huair as a chéile gur éirigh leis an beart sin a dhéanamh
Baineadh siar as an tír uile nuair a chaill Katie Taylor a troid in aghaidh Mira Potkonen na Fionlainne. Bhí bean Bhré ag iarraidh bonn óir a bhuachan mar a rinne sí i Londain in 2012
Bhí drochscéal eile sa dornálaíocht nuair a chaill Michael Conlan in aghaidh Vladimir Nikitin cé gur measadh go raibh an ceann is fearr faighte go héasca ag an bhFeirsteach ar an Rúiseach.
Ar a laghad, bhí dea-scéal an lá céanna ag Annalise Murphy agus bonn airgid buaite aici
Ba é Oliver Dingley an chéad tumadóir a bhí ag Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha le 68 bliain agus d’éirigh go geal leis. Chríochnaigh sé san ochtú háit
Amach ó na hiomaitheoirí, ba é an scéal ba mhó i Rio ná gabháil Pat Hickey, Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann
D’éirigh le Thomas Barr gaisce a dhéanamh agus críochnú sa cheathrú háit sa chliathrás 400m. Bhris Barr curiarracht na hÉireann sa bhabhta leathcheannais agus arís sa bhabhta ceannais agus é i bhfoisceacht 0.05 soicind de bhonn a bhuachan
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Cuid de na híomhánna is fearr ó Rio 2016'