Tá Féile Bloom thart, ach ní bheidh aon easpa bia úr folláin ar mhuintir Chonamara agus an Garraí Glas oscailte sna Creagáin ag Aonghus Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha. Pictiúir le Seán Ó Mainnín
Aonghus Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha taobh lena shiopa glasraí a d’oscail sé anuraidh
Custaiméir ar thóir glasraí úra
Fógra a dhear ealaíontóir as Barcelona a bhí ag woofáil le hAonghus
Raidis, piseanna, tornapaí beaga agus gairleog
Foscadh ó ghaotha móra an gheimhridh ag an spionáiste, na scailliúin agus na hoinniúin a cuireadh sa bhfómhar seo caite
Cogadh ar fhiailí! Beidh piseanna agus cúirséid ag fás sna hiomairí seo an mhí seo chugainn
‘Garraí an chró’ ag na hasail. Tá ainm ar chuile gharraí ar an bhfeirm ocht n-acra seo
Cúcamar atá réidh le cur i dtollán sa Spidéal
Tá trí chineál leitíse sa mbosca seo agus go leor cineálacha eile ag Aonghus
Plandaí óga atá deas teolaí sa teach gloine agus a bheidh á n-athphlandáil go luath. Cainneann, puimcíní, rúbarb agus lusanna gréine ag fás anseo.
Spionáiste, cúcamar agus cál ag fás leo go sásta
Aonghus le Karoliina Saari as an bhFionlainn. Tá Karoliina ag obair go deonach agus taithí aici ar fheirmeacha beaga ar fud na hÉireann
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Conamara faoi bhláth sa nGarraí Glas sna Creagáin'