Deirtear gur as a leithéid a d'eascair an iománaíocht ach ní imrítear an cluiche ársa seo le maidí, Cead, ach uair amháin sa bhliain ar Lá le Pádraig agus in áit amháin, ar Inis Meáin. Agus ní léir aon laghdú ar an méid díocais don chluiche seo i measc na n-oileánach. Pictiúir ón bpáirc imeartha le Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
An chéad bhuille. Michael Johnn Ó Fátharta ag cur tús leis an gcluiche Cead
Roimh thús na himeartha – na rialacha á meabhrú do na captaein
Diarmaid Tom Mhóir tar éis an cead a sheoladh san aer ón gcloch le buille beag…
An dara buille agus tá an cead buailte i dtreo an imill
An ‘cead’ déanta as déil bhán nó hicearaí
Tá spiorad Lá le Pádraig san aer ar an oileán chomh maith
Na maidí agus an cead
Uaireanta caithfidh tú rith leis an gcead a bhualadh
Mada ag baint spórt as maide. Fonn spraoi ar Milo.
Cleachtadh a dhéanann máistreacht
Súil ghéar ag foireann amháin ar a gcomrádaí
Géar-iomaíocht agus súil ghéar ar an imirt
Iomaíocht chrua sa gcluiche leathcheannais
Áilleacht thaibhseach Inis Meáin ón bpáirc imeartha
Gléasta go cóiriúil don lá náisiúnta! Muintir Uí Shíthigh agus a gcairde
An Corn Domhanda sa gCead le buachan ag Comórtas Cead Lá’l Pádraig
An cead san aer agus tuar ceatha sa chúlra
A mbreithiúnas á thabhairt ag iar-imreoirí Cead
A shúil ar an gcead
Máirín Uí Chonghaile, Baile na Seoighe agus Máirín Uí Chonghaile, Glór na dTonn, Inis Meáin
An fhoireann a chaill an cluiche ceannais. Ó chlé: Máirtín Bheachla Beag, Ryan Byrne, Noel Pheait Sheáin, Eoghan Bheachla Choilm, Micheál Ó Concheanainn, Éamon Síthigh agus Fiachra Quinn
Seaimpíní Chomórtas Cead Lá Le Pádraig 2023. Ó chlé: Ruairí Bheachla Beag, Diarmaid Tom Mhóir, Adrian Sheán Dearg, John Joe Bheachlaí, Pádraig Rodger, Maártín Beag agus Ronan Quinn
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Comórtas ‘Cead’ in Inis Meáin'