GAILEARAÍ: Coirn Gael Linn buaite ag Meánscoil Chnoc na Labhras agus Coláiste Belvedere

‘Is miotas í cairdiúlacht mhuintir na hÉireann!’ agus ‘Tá téarma eile cumhachta tuillte ag an rialtas reatha!’ na rúin a pléadh i Maigh Nua aréir

Rug foirne ó Mheánscoil Chnoc na Labhras, Luimneach agus ó Choláiste Belvedere an bua leo ag Craobh na hÉireann de Chomórtas an Phiarsaigh Gael Linn 2015 a bhí ar siúl i Má Nuad aréir, an Déardaoin an 26 Márta.

Ba é seo buaicphointe na bliana den chomórtas díospóireachta seo a reáchtálann Gael Linn do scoileanna dara leibhéil ar fud na tíre agus ina raibh breis agus 150 foireann páirteach ó mhí na Samhna seo caite.

I gCraobh na Sóisear, ba é an rún ná ‘Is miotas í cairdiúlacht mhuintir na hÉireann!’.

Labhair foirne ó Choláiste Pobail Dhomhnach Seachnaill, Co. na Mí agus ó Mheánscoil Loreto, Bré, Co. Chill Mhantáin ar son an rúin, agus bhí foirne ó Mheánscoil Chnoc na Labhras, Luimneach, mar aon le Coláiste Pobail Átha Luain, Co. na hIarmhí, ina choinne.

Ba iad cailíní Mheánscoil Chnoc na Labhras, Karin Ní Mhásúin, Rachel Ní Mhuirí agus Aisling Nic Domhnaill, is mó a chuaigh i bhfeidhm ar na moltoírí, Liam Mac an Mhaoir, Máire Mhic Mhathúna, Fergus Ó Conghaile, Naoise Ó Cearúil agus Máirín Uí Mhuirí.

Ba iad Séamus Ó Ceallaigh agus Hazel Ní Anragáin na múinteoirí a bhí i bhfeighil na foirne.

‘Tá téarma eile cumhachta tuillte ag an rialtas reatha!’  an rún a pléadh sa chraobh shinsearach. San iomaíocht don duais mhór bhí

foirne ó Phobalscoil Naomh Attracta, Tobar an Choire, Co. Shligigh, Coláiste Belvedere, Baile Átha Cliath, Acadamh Naomh Muire, Ceatharlach agus Coláiste Chiarain, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara.

Ba iad foireann Choláiste Belvedere a d’ardaigh an corn ar deireadh. Threoraigh an múinteoir Liz Ó Droma na cainteoirí tríd na babhtaí ar fad ó thús na bliana, agus bhí ríméad uirthi faoina mbua, an chéad uair don scoil sa chomórtas seo!

Is í an t-aisteoir/craoltóir, Clíona Ní Chíosáin, a bhí mar aoichathaoirleach don ócáid.

Bronnadh buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha i Roinn na Sóisear agus i Roinn na Sinsear, agus ghnóthaigh na foirne eile ar fad a bhí rannpháirteach sa chraobh duais de €250.  Bronnadh leathscoláireacht ar gach scoláire le freastal ar a rogha Coláiste Samhraidh Gaeltachta de chuid Gael Linn.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin gur cuid lárnach den oideachas in Éirinn iad díospóireachtaí Gael Linn le breis is caoga bliain anuas.

“Bíonn tionchar fadsaoil ag na díospóireachtaí ar dhaltaí agus is minic a théann iar-bhuaiteoirí chun cinn sa saol poiblí.  Táimid buíoch de na múinteoirí a thug deis do na daltaí a bheith páirteach iontu in imeacht na mblianta.”

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Coirn Gael Linn buaite ag Meánscoil Chnoc na Labhras agus Coláiste Belvedere'