GAILEARAÍ: Caint agus scéalta faoi Thomás agus Liam ag Féile na bhFlaitheartach in Árainn

Ag Féile na bhFlaitheartach in Árainn ag an deireadh seachtaine, sheol Ruairí Ó hEithir 'An Bhrachlainn Mhór', leabhar scéalta lena shean-uncail, Tomás Ó Flaithearta. B'fhearr Tomás Ó Flaithearta mar scríbhneoir ná a dheartháir, Liam, a mhaígh a gharnia. Cló Iar-Chonnacht na foilsitheoirí. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Tomás agus Liam Ó Flaithearta

 

Éamon Ó Cíosáin, eagarthóir ‘An Bhrachlainn Mhór’, scéalta le Tomás Ó Flaithearta a seoladh i dTeach Chill Mhuirbhigh in Árainn Dé Sathairn. Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh

 

Príomhchainteoir na Féile, an Dr Lucas Franco, Roinn na hEolaíochta Polaitiúla, Ollscoil Minnesota agus Caitlín Mhic Mhathúna, sparánaí Fhéile na bhFlaitheartach

 

An Dr Lucas Franco, atá ina bhainisteoir taighde ag Aontas Idirnáisiúnta na nOibrithe i Meiriceá Thuaidh, ag tabhairt an phríomhaithisc, ‘Fís Thomáis Uí Fhlaitheartaigh do Shochaí Chóir’
An Dr Lucas Franco ag déanamh a chuid cainte

 

Ceist ag Seán Edwards, duine den lucht freastail, don Dr Franco

 

Máirtín Ó Concheanainn, duine de ghaolta na bhFlaitheartach, i mbun comhrá le Seosamh Ó Cuaig, duine de lucht eagraithe na féile

 

Ceist ag Catherine Connolly, Teachta Dála neamhspleách i nGaillimh Thiar

 

Ruairí Ó hEithir, ag seoladh an leabhair, ‘An Bhrachlainn Mhór’. Ina aice tá eagarthóir an leabhair, Éamon Ó Cíosáin agus Micheál Ó Conghaile,  Cló Iar-Chonnacht, na foilsitheoirí

 

Éamon Ó Cíosáin

 

Éamon Ó Cíosán agus cóip den leabhar á shíniú aige

 

Ábhar maith léitheoireachta
Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht, Diarmuid de Faoite agus a mhac Jimmy sa nGairdín Cuimhneacháin i nGort na gCapall

 

Súil ghrinn ar inscríbhinn na leice

 

Seosamh Ó Cuaig, cathaoirleach Fhéile na bhFlaitheartach, ag cur tús le cúrsaí sa nGairdín Cuimhneacháin

 

Máirín Mhic Lochlainn ag léamh ‘Pádhraic’, sliocht as úrscéal le Tomás Ó Flaithearta a bhí idir lámha aige sular bhásaigh sé

 

Cuid de lucht freastail na féile

 

Caint agus cuimhní sa nGairdín Cuimhneacháin

 

Cuairteoirí as an Spáinn ag tabhairt ómóis do Liam Ó Flaithearta

 

Ag siúl an bhealaigh chéanna a shiúil Tomás agus Liam Ó Flaithearta agus iad ag dul ar scoil Fhearann an Choirce

 

Fiona Uí Dhíoráin, Ailbhe, Genevieve Faherty agus Oran Conneely chun tosaigh

 

Máirín Uí Fhátharta ag tabhairt caint ar stair agus oidhreacht an cheantair agus na Flaitheartaigh

 

Ruairí Ó hEithir, garnia leis na Flaitheartaigh, agus Maura Laverty

 

Máirín Mhic Lochlainn agus Treasa Uí Chuaig

 

Nóinín, Marion agus Cillian Ó Maoláin, Árainn

 

Nuala O’Hara, Gaillimh, agus Colie Connolly, Toronto, Ceanada

 

Pádraic Tom Bán agus a bhean Máire

 

Máirtín Ó Concheanainn agus Síghle Ní Coitir, Eoghanacht, Árainn

 

 

Breda Dolan agus Máire Ní Chonraoi, Gaillimh ag freastal ar an bhFéile

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Caint agus scéalta faoi Thomás agus Liam ag Féile na bhFlaitheartach in Árainn'

  • Cluain Sceach

    Ag súil go mór leis an leabhar seo!