Ní hiad peileadóirí Mhaigh Eo amháin a thug dúshlán Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach seo caite. Thug foireann faoi 10 Chumann Peile Ban Daingean Uí Chúis taispeántas maith uathu in aghaidh fhoireann Naomh Bríd, Baile Átha Cliath, ag leatham sa chluiche mór. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Robin Ní Chaoinnealáin, An Daingean, ag seasamh an fhóid. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Déardaoin, Meán Fómhair 28 2017 ag 6:30 am
Hannah Granville (2), Róisín Ní Mhurchú, Robin Ní Chaoinnealáin (4) agus Róise Ní Ghairbhí (6) An Daingean, ag iarraidh stop a chur le ruathar Kate Deignan, Naomh Bríd
Greim daingean ar an gcaid ag Hannah Granville
Sciobann Saoirse Slattery an chaid slán ón talamh
Hayley O’Flaherty, An Daingean, ag tabhairt na gcosa léi
Seilbh na liathróide ag Róise Ní Ghairbhí
Robin Ní Chaoinealáin ag dul sa bhearna bhaoil
Stop curtha le hionsaí eile ó Naomh Bríd
Robin Ní Chaoinealáin ag seasamh an fhóid
Róisín Ní Mhurchú réidh don aicsean
Katie Maye Brennan, Naomh Bríd, ag scaoileadh leis an liathróid
Níl Ciara Kennedy, An Daingean, sásta ligean le Lauren O’Hara, Naomh Bríd
Imirt shlachtmhar ó Róise Ní Ghairbhí
Súil ag Róisín Kirby, Naomh Bríd agus Robin Ní Chaoinnealáin beirt ar an liathróid agus scata Dubanna sa tóir ar Robin
Isobel Peake, Naomh Bríd, faoi bhrú
Líle Ní Ghairbhí i mbun dianchoimhlinte
Ach éiríonn le Líle…
‘Amach as mo shlí’. Robin Ní Chaoinnealáin ar an ionsaí
Súil thomhaiste ag Caoimhe Feeney ar an imirt
Slán abhaile. Foireann Chumann Peil Ban Daingean Uí Chúis fillte ar an nDaingean agus cuimhní iontacha acu ó Pháirc an Chróciagh: Ar chúl ó chlé: Líle Ní Ghairbhí, Ellie Hoare, Robin Ní Chaoinnealáin, Hannah Granville, Hayley O’Flaherty, Anna Ní Chonchúir. Chun tosaigh: Róisín Ní Mhurchú, Saoirse Slattery, Róise Ní Ghairbhí, Katie Mae Moran, Jude Ní Riain agus Ciara Kennedy.