GAILEARAÍ: Bua stairiúil ag Áth Cliath agus a séú Craobh bainte acu

Bhuaigh na Dubs a séú cluiche ceannais as a chéile i bPáirc an Chrócaigh inné ach sa mbaile a bhí an lucht leanúna cuibhrithe. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Stephen  Cluxton agus Corn Sam Mag Uidhir á ardú aige arís

 

Folamh, uaigneach de bharr Covid-19. Páirc an Chrócaigh 20 nóiméad roimh thús chluiche ceannais peile na hÉireann 2020

 

Aidan O’Shea cos ar chois le James McCarthy ag tús an chluiche

 

Cúilín á scóráil ag Con O’Callaghan. Diarmuid O’Connor in aice leis

 

Matthew Ruane, Maigh Eo, ag cosaint na liathróide ar Dean Rock

 

Dianbhrú. Dean Rock agus Niall Scully ag iarraidh Diarmuid O’Connor a sháinniú

 

Ar a bhealach chun cúil. John Small ag tabhairt na gcosa leis ó Tommy Conroy

 

Céilí comhraic. Ciarán Kilkenny agus Oisín Mullin

 

Con O’Callaghan faoi léigear ag Michael Plunkett agus Diarmuid O’Connor

 

Seilbh na liathróíde ag Michael Plunkett ach díocas ar Chiarán Kilkenny

 

Ag na rásaí. Paul Mannion agus Chris Barrett á thionlacan

 

Tá sé thart. An séú Cluiche Ceannais na hÉireann as a chéile buaite ag foireann Átha Cliath

 

Seo linn a chomrádaí. Matthew Ruane agus Diarmuid O’Connor

 

Dessie Farrell ag tréaslú a ghaisce le Brian Fenton

 

Ríméad os comhair Chnoc folamh a 16. Na Dubs ag ceiliúradh agus Sam gafa acu arís.

 

Faoi scáth Sam. Cillian O’Connor, Maigh Eo, ag fágáil le linn na bronnta

 

Dean Rock, an t-imreoir deireanach ag fágáil na páirce

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Bua stairiúil ag Áth Cliath agus a séú Craobh bainte acu'