Níl spás ar domhan is lú fothain ná stáitse leathan an bhallet

Agus léiriú an Moscow State Ballet den 'Nutcracker' ar stáitse Amharclann Bhord an Gáis ón Luan seo chugainn, tugann Pat Butler, agus a cheamara, anailís stairiúil ar staid, seasamh agus todhchaí an bhallet Éireannaigh

Bhí sé i gcónaí sa chinniúint dúinn, is dócha. An lá a d’fhéadfaí a mhaíomh go raibh caighdeán, saoithiúlacht, fís, téagar agus cur i gcrích iontaofa bainte amach ag compántas logánta ballet in Éirinn. Compántas a bheadh ionchurtha, geall leis, le haon chompántas sna tíortha éiritheacha eile – seachas leosan go bhfuil an traidisiún ballet ag síneadh fada, fada siar sa DNA náisiúnta acu.

Compántas Éireannach, más ea, a bheadh in ann rud fíorthábhachtach a cheilt. Is é sin, an bhearna mhíchompordach idir an corps de ballet dúchasach, an Coriphée dúchasach, agus foirfeacht na n-aoídhamhsóirí fadchosacha ón Rúis a chleachtaíonn an cúpla steip sa léiriú céanna leo.

Ar éirigh le Monica Loughman an fhuascailt sin a thabhairt slán ina léiriú den ‘Nutcracker’, sa Convention Centre Droim-Ar-Ais-Cois-Life, díreach ansin roimh Nollag? Sin ceist, go háirithe agus an seó céanna ag an Moscow City Ballet in Amharclann an Bhoird Gháis, ón gCéadaoin seo chugainn ar aghaidh. Ní chuig na Rúisigh sin chugainn a thógaim an bata tomhais, ach don gcompántas logánta.

Ní hé nár aimsigh Joan Denise Moriarty, ceannródaí na bpumpaí bróg, beannacht Dé lena saoranam, damhsóirí den scoth fadó – Lavinia Anderson, ina measc siúd. Taibheoirí a bhí in ann an fód a sheasamh ar comhchéim le haon aoídhamhsóir rabairneach fireann ar dhul Domy Reiter-Soffer na hIosráile, mar shampla. 

Ach b’shin laethanta soineanta na seascaidí, na laethanta ‘amaitéaracha’, i mbunbhrí an fhocail. Blianta na himilchríche, ar bhealaí áirithe, chomh maith céanna, b’fhéidir! Ach coimeádaimis doras an chófra áirithe sin druidte, go fóillín beag, pé scéal é. B’shin fadó, agus fágaimis siúd mar atá sé.

Níl spás ar domhan is lú fothain ná stáitse leathan an bhallet, ní áirím a sceirdiúla is a aonaraí atá sé. Níl pluais, ná cuas, ná garrán a thabharfadh tearmann ná dídean don té ar bheagán cumais.

Ní thugann an stáitse céanna aon logha don mhaoithneachas. Fágtar an iarracht dháiríre – más é sin amháin atá ann, gan fál cosanta. Is mairg don té nach bhfuil in ann dó. Más ann don éasclíne thraidisiúnta idir an corps de ballet agus na haoídhamhsóirí, nochtfar gan trócaire fán spotsholas fiosrach é.

D’alptaí coisithe an Cork Ballet Company ins an mbearna idir iad agus Anderson/Reiter fadó. Bearna róleathan a bhí ann. Níor leor dáiríreacht, ná díograis. Agus is iomaí léiriúchán ballet a thit idir na plátaí teicteonacha sin ó ré Joan Denise Moriarty anall.

Maidir le hiarracht dhéanach Monica Loughman, bíodh is go bhfuil spás go fóill idir scileanna an chompántais logánta agus cur i gcrích grástúil Ivan Mikhalev, Oxana Kardash agus Anton Ploom, níor chuir an t-uisce glan sin atá eatarthu an léiriúchán go tóin poill, ná baol air. Is ábhar dóchais dúinn an cúiteamh sin amháin.

Creidim nach bhfuil cumhacht, cuannacht ná fís ealaíonta na Rúiseach chomh fada sin as radharc a thuilleadh. Bhíodar ann sa National Convention Centre – ár ndamhsóiri féinig atá anois i bhfad níos cóngaraí ná scread asail don gcaighdeán is airde idirnaisiúnta amuigh.

Ainmneod iad – Leanne Sexton, An Bóbóg – Banríon na gCalóga Sneachta, ina Pas de Trois le Anton Bloom; Oisín O’Driscoll –an Nutcracker féin; agus Dearbhla Mitchell – Clara ghrástúil, shoineanta. Tá steipeanna agus tarraingteacht an Coryphée – fo-réaltaí solo an choirp de ballet – i bhfad Éireann anois thar moladh thuismitheoirí agus cairde chléibh amháin. Orthusan tá Sarah Whelan, Rikki McTiernan agus Rebecca Flynn.

Agus b’é sin, b’fhéidir, an rud is mó a chuaigh i gcion orm sa National Convention Centre, Satharn an 21 Nollag, 2014.

Scaoiltear raon fairsing féidearthachtaí san ealaíontóir a thuigeann nach bhfuil éacht an té is fearr amuigh doshamhlaithe a thuilleadh dó féin. Sícé an ‘supersub’. Agus b’fhéidir, ar deireadh, gurb é sin an chéad chloch curtha ag Monica Loughman ar a paidrín oidhreachta féinig. 

Is léir go bhfuil na caighdeáin is airde caite amach mar dhúshlán aici don uile dhuine sa chompántas. Ghlacadar an deis sin le fonn agus díograis. Cheannsaíodar acraí fairsinge stáitse an NCC. Leagadar béasaí ar na hacraí céanna. Thugadar le fios cé a bhí ceannasach. Smachtaigh an compántas an stáitse. Chuireadar in oiriúint dá bhfís is dá dtoil féinig é.

Scaoileadar a gcuid brionglóidí le gaoth ann an oíche úd. Níor bheag an saoirsiú sin.

Pe áit a raibh sí i bParthas na bhFíréan, lig Joan Denise Moriarty Mhagh Eala, scread mórtais aisti.

Chuala sna putóga ionam an liú áthais sin, agus ar an gcluais inmheánach a rialaíonn na dúichí anama istigh.

Fág freagra ar 'Níl spás ar domhan is lú fothain ná stáitse leathan an bhallet'