GAILEARAÍ: Ardoíche ag na Gaeil Óga cois canála

Is in Óstán Grand Canal a rinne na Gaeil Óga ceiliúradh ar ghaiscí an chumainn i mbliana. Pictiúir: Colm Ó Tórna

Tá anois dhá fhoireann peile agus foireann iománaíochta ag fir na Gaeil Óga agus foireann peile agus camógaíochta ag na mná. Tá foireann faoi 8 anois ag imirt go rialta chomh maith.

Ina theannta sin, eagraítear seisiúin scileanna peile, iománaíochta agus camógaíochta gach Satharn do leanaí idir ceithre agus seacht mbliana d’aois. Is páistí ó Ghaelscoil Naomh Pádraig agus Gaelscoil Eiscir Riada i Leamhcán, Co. Átha Cliath atá i gceist.  

Ba dheas an rud é scata de thuismitheoirí na leanaí a fheiceáil sa chomhluadar i dteannta bainisteoiri, traeneálaithe agus comhairleoirí na bhfoirne uile.

Iománaí Chuala agus Bhaile Átha Cliath, Colm Ó Cróinín, a bhí mar aoi na hócáide.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Ardoíche ag na Gaeil Óga cois canála'