Bhí slua breá i láthair sa Chrompán ar an gCeathrú Rua le déanaí nuair a seoladh an leabhar ‘Comhrá Cosáin: Agallaimh Bheirte agus Lúibíní do Dhaoine Óga’ curtha in eagar ag Fearghas Mac Lochlainn agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tá 30 údar ó Chonamara páirteach sa leabhar seo.
Pádraic Mac Donncha agus Fionn Ó Flatharta, An Cheathrú Rua agus an tAgallamh Beirte ‘Slimming’ le Ciarán Ó Fátharta á aithris acu
Aonghus Ó Coisdealbha agus a mhac Fionnán
Bean a’ Tí na hoíche Máire Bríd Ní Chualáin ag cur fáilte roimh an slua
Déirdre Uí Thuathail ó Chló Iar-Chonnacht, a d’fhoilsigh an leabhar
Clara Ní Icí agus Ava Ní Churraoin, Ceantar na nOileán agus an lúibín ‘Peigín ar an mBóthar’ le Joe Steve Ó Neachtain á rá acu
Ciara Ní Chúláin agus Maia Ní Thuairig, Cois Fharraige agus an tAgallamh Beirte ‘Deirfiúracha’ le Traolach Ó Conghaile á aithris acu
Fearghas Mac Lochlainn, eagarthóir an leabhair, agus nod faoin ‘clipboard’ á mhíniú aige don slua. Feicfear go leor den ‘clipboard’ sna hagallaimh amach anseo!
Mícheál agus Kevin Breathnach, Carna agus an tAgallamh Beirte ‘An tAsal Glórach agus an Mada Leisciúil’ á aithris acu
Bláthanna á mbronnadh ar Mháirín Uí Neachtain, Bean chéile Joe Steve. Tá trí Lúibín agus Agallamh Beirte amháin le Joe Steve sa leabhar
Údair an leabhair: Cúl: Peadar Ó Maoláin, Caitlín Ní Chualáin, Luisne Ní Neachtain, Odí Ní Chéilleachair, Caitríona Ní Chonaola, Áine Uí Neachtain, Emer Uí Chuinn, Tadhg Mac Dhonnagáin, Traolach Ó Conghaile, Fearghas Mac Lochlainn, Sorcha Ní Chéilleachair. Tosaigh: Aisling Ní Neachtain, Tomás Mac Con Iomaire, Déirdre Uí Thuathail, Máirín Uí Neachtain, Gormfhlaith Ní Thuairisg
Santaí ag éisteacht go grinn le Josie Mac Donncha agus Searlaí Ó Loideáin
Ailbhe agus Aoife Ní Thuathail agus iad ag insint do Santaí céard atá ar liosta na bliana seo!
Meas tú céard a dúirt Santaí le Rónán Ó Cúláin
Eoghan agus Ferdia Mac Donncha agus liosta breá fada acu do Santaí!
Liostaí á n-aithris agus Santaí ag éisteacht!
Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Santaí agus an Teachta Dála Eamon Ó Cuív
Tá na gasúir seo sásta le Santaí pé scéal é! Micil Mac Donncha, Fionn Ó Flatharta, Pádraic Mac Donncha, Conor Ó Donnchú agus Nan Ní Loideáin
Slán a Santaí!
Tadhg Mac Dhonnagháin agus Traolach Ó Conghaile
Foireann Thuismitheoirí na Gaeltachta: Sorcha Ní Chéilleachair, Aisling Nic Dhonnacha, Erin Bhreathnach agus Meadhbh Ní Ghaora
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An Nollaig tagtha ar an gCeathrú Rua agus leabhar nua do pháistí seolta'