D'fháiltigh pobal Chonamara roimh fhilleadh cheoldrámaí cáiliúla Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, lena léiriú de 'Sister Act' le déanaí. Cuireadh fáilte chomh maith roimh phobal na hÚcráine sa cheantar a bhí mar aíonna speisialta ag an seó. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Dé Máirt, Aibreán 12 2022 ag 5:30 am
‘Sister Act’ agus Aoibhín Ní Thuathail mar Deloris sa phríomhról
‘An chraic is an spraoi. Sin amháin atá uainn.’ Deloris (Aoibhín Ní Thuathail) agus a cairde
Caimiléireacht atá ina gcloigeann ag Curtis (Liam Ó Flatharta) agus a dhrong
Curtis (Liam Ó Flatharta) ag mealladh Deloris (Aoibhín Ní Thuathail)
Cóta fionnaidh, féirín ó Churtis. Ach is lena bhean chéile é!
Cén dochar! Tá Deloris sásta lena grá geal. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
‘Bímis ag damhsa’
Titeann Curtis amach le Ernie (Dylan Mac Donnacha) agus ní bheadh ach deireadh amháin ar an scéal sin, murach Deloris
Insíonn Deloris do na póilíní faoin bhfeall a chonaic sí
‘Caithfidh tú dul i bhfolach nó maróidh Curtis tú,’ a deir an póilín Eddie (Cormac Mac Donnacha). ‘Sea, muis!’
Cruinniú idir an Máthair-Uachtarán (Áine Bairéad ) agus an moinsíneoir (Conall Ó Cualáin). Níl cúrsaí airgid rómhaith, tá an clochar i mbaol.
‘Go bhfóire Dia orainn!’ Cuirtear Deloris in aithne don Máthair-Uachtarán (Áine Bairéad) len í a chur i bhfolach.
Scéal mór ag na mná rialta
Ag guí ar son ‘an bhean rialta’ is déanaí chucu
Taitníonn an bhean rialta nua leis na siúracha seo (Kate Ní Loideáin agus Abí Ní Dhomhnaill)
Aoibhín Ní Thuathail (Deloris) agus Courtney Nic Dhonnacha (Mary Robert)
Tá an-slacht curtha ag Mary Clarence ar chór Bhanríon na nAingeal
Aithníonn TJ (Charlie Chlochartaigh) Deloris ina feisteas nua. Bheadh Curtis buíoch as an eolas sin.
Ó a dhiabhail! Tá an Pápa ag teacht ag éisteacht le cór Bhanríon na nAingeal!
An geaing s’againne. Iarrtar ar dhrong Curtis dul sa tóir ar Deloris sa gclochar
Deloris gafa ag Curtis in ainneoin iarrachtaí Mháthair-Uachtaráin an chlochair
Finale: críoch spleodrach thaibhseach an cheoldráma
‘Bravo.’ Bualadh bos millteach do na haisteoirí go léir
An Teanga Bheo
Maith sibh Fair play dhaoibh nach clú sibh do áít ar bith +++ Laochra Gael go deo.
Brid Ni Chonghaile
Tá an oiread cainte ar phleanail teanga agus tuismitheoirí na Gaeltachta ach seo an bealach a cheart a dhul le nár teanga a shabhailt. Tá an plean ceart ag scc! Mairfidh an teanga dá bharr seo go cinnte!