GAILEARAÍ: A muintir mórtasach as Stephanie

Bhí Pat Butler i láthair lena cheamara sa Shanganadh Lounge sa tSeanchill i mBaile Átha Cliath, mar a bhailigh comharsana, gaolta agus cairde le chéíle chun féachaint ar bhronnadh na duaise Puskas ag FIFA don chúl is fearr a scóráladh anuraidh.

Thángadar sna táinte. Clann agus cairde. Muintir agus móruaisle. Pobal na Seanchille, Contae Átha Cliath Theas. Cé a tháinig an doras isteach chucu ach Priompálaithe Cumhartha an Phreasa – mé féin ina measc siúd – bíodh is gur den bpobal seo le fada an lá anois mé.

‘Blow-in’ ceart Corcaíoch, ach maitear sin dom fán dtráth seo. Pobal tuisceanach, mórchroíoch atá anseo againn, ar imeall theas Chualann.

Más ábhar ceiliúrtha í Katie Taylor sa pharóiste díreach ó dheas uainn, tá banlaoch na caide domhanda, Stephanie Roche, mar chosaint againne ar mhórtas na gcomharsan béal dorais – muintir Bhré Chill Mhantáin na gCnoc is ns dTonn. Gan trácht ar an gCanúint Scanrúil.

Bhí lá na Seanchille tagtha, agus ní raibh éinne – fiú Septic Bladder FIFA féinig – chun teacht idir sinn agus ár seal fán ngréin.

Fuinneadh an bheirt bhan mhisniúla – Katie agus Stephanie – sa naíolann sacair céanna – Peamount United. Chaitheadar beirt geansaí na hÉireann san aon fhoireann idirnáisiúnta amháin. Má chailleamar Katie don ‘womanly art of self-defence’, chuir Stephanie barr feabhais ar a cuid talainne i ngort na peile. Ar bhánta bhrionglóidí chluiche an ghnáthphobal oibre, cleachtaíonn Stephanie a ceird.

Bhí Stephanie thall i Zurich aréir, ainmnithe i measc an triúir imreoirí domhanda is fearr fachta cúl i mbliain ár dtiarna 2014. ‘Folley that in two swallies,’ mar a dúirt fear Rinn Ua gCuanach fadó.

Bhí RTÉ inár measc, RnaG, TG4, UTV Ireland, agus Tuairisc.ie. Bíodh is go rabhadar ann, ní thabharfainn aon cheann don Indo, cuma cló nó raidió iad.

Chuala duine ón Guardian ag iarraidh foghraíocht Chualann a cheansú. Ait le rá, b’fhéidir go mba bhuachaillí agus cailíní choláistí príobháideacha Shasana an Guardian is fearr a thuig éacht Stephanie: molaim a gcuid macántachta…

Samhlaigh na fathaigh a d’fhág Stephanie ina sobalsruth. Zlatan Ibrahimavic rabairneach an cheoil choise. Fear éigin a dtugtar Ronaldo air. Leaidín beag solúbtha, rí Bharca – ní ritheann a ainm siúd liom anois díreach.

Tugaim faoi deara nach raibh éinne ón nGearmáin, ná ón tSacsain Tír, ná ó aon chuid dá ríocht ná dá hImpireacht i measc na bhfíréin ainmnithe. Cá raibh milliúnaithe na hIodáile, na Spáinne, na hAirgintíne? Ní raibh éinne ón mBrasaíl féinig in ann seasamh taobh le Stephanie seo againne.

Tá ardmheas agam ar mhuintir Roche. N’fheadar an í an dínit, nó an grásta iontu is mó a cheiliúraim. Ainmneod iad faoi onóir – Ann, an mháthair, Paul an deartháir, Sinéad an deirfiúr, agus an bhé sin Mamie, Nanó – máthair chríonna na treibhe.

In ainneoin na mblianta, ógbhean álainn chaomh is ea Mamie atá fós ag fiosrú saoirsí bhlianta bónais an cheithre scór, agus ag breathnú amach tharstu le croí maith mór.

Léirigh an teaghlach uilig dínit fá ghrinnstaidéar an phreasa. Cheol a gcuid agallaimh le móraigeantacht nuair b’é an t-ollréalta (déanta na fírinne) James Rodriguez an sárfhear, a sciob an chraobh óna ngrágheal, cuisle an teallaigh, an deirfiúr óg álainn lenar tógadh iad.

Fágaim an focal scoir ag an Guardian – seans go dtuigeann siad siúd, níos fearr ná éinne againn, b’fheidir, tallann mhíorúilteach Stephanie Roche – Cualannach cáiréiseach, banlaoch bródúil, Seangánach buacach mná.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: A muintir mórtasach as Stephanie'