GAILEARAÍ: An focal deiridh i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain ag déagóirí Chonamara

Muintir Chonamara a thug leo na coirn ó chomórtas díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn i mBóthar na Trá tráthnóna Dé Céadaoin. Ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua a bhí craobh na sóisear agus ag Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a bhí craobh na sinsear ach chualathas ocht bhfoireann den chéad scoth ag an gcomórtas. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Foireann bhuacach Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Conamara: Seán Ó Gallchobhair, captaen, Oisín Ó Coisdealbha agus Cainnear Nic Réamoinn agus a múinteoir Tríona Ní Mhurchú. Ina dteannta tá Pádraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn, ar chlé agus Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus cathaoirleach na hócáide.

 

An corn agus duaiseanna bronnta ar bhuaiteoirí Chomórtas Uí Chadhain, Craobh na Sóisear 2020, Scoil Chuimsitheach Chiaráin. Ó chlé tá Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, na buaiteoirí Aedín Ní Mháille, Ailbhe Ní Mhurchú, Mikayla Ní Chuanaigh agus a múinteoir Máirín Ní Dhomhnaill. Ar dheis tá Micheál Ó hÉanaigh, Údarás na Gaeltachta.

 

Róisín Dalby, Captaen Phobalscoil Chorca Dhuibhne i gCraobh na Sóisear

 

Rónán Ó Fachtnáin, foireann na sóisear, Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath i mbun díospóireachta

 

An seomra lán in Óstán Bhóthar na Trá do dhíospóireachtaí Gael Linn 2020

 

Na moltoírí: Liam Mac a’ Mhaoir, Sinéad Ní Ghuidhir, Peadar Ó Tuathail, Áine Máire Ní Ghioballáin agus Seán Mac Labhraí

 

Craoladh beo ar Molscéal TG4

 

Cathaoirleach an chomórtais, Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, ag caint faoi obair an Údaráis

 

Iontas ar Aedín Ní Mháille agus a comrádaithe Mikayla agus Ailbhe agus é fógartha go bhfuil Craobh na hÉireann buaite acu

 

Buaiteoirí Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain, Craobh na Sóisear 2020: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Aedín Ní Mháille, Mikayla Ní Chuanaigh, captaen, agus Ailbhe Ní Mhurchú

 

Paparazzi agus tuismitheoirí ag glacadh pictiúr de na buaiteoirí

 

Is ait thú! Barróg chomhghairdeachais d’Ailbhe Ní Mhurchú óna máthair

 

Lucht tacaíochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin an-phráinneach as Seaimpíní Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain, craobh na sóisear 2020

 

Gliondar agus mórtas ar Jude Pheter Uí Ógáin as gaisce a gariníne Mikayla Ní Chuanaigh, sa lár, captaen na foirne a bhuaigh Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain i gcraobh na sóisear. Ar dheis tá Niamh Ní Fhlatharta, col ceathrair Mikayla.

 

Seán Ó Súilleabháin, Siún Nic Aogáin agus Hannah Nic Eibhearáid, foireann díospóireachta Choláiste Pobail Ráth Chairn lena múinteoir Micheál de Brún

 

Mark Mac Anraoi, Antaine Mac Aonghusa agus Rónán Ó Fachtnáin, foireann díospóireachta Choláiste Eoin, Baile Átha Cliath i gCraobh na Sóisear

 

Foireann díospóireachta na sóisear as Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Ó chlé: Meadhbh Nic Con Ultaigh, Antain Ó Séaghdha agus Róisín Dalby lena múinteoir Méabh Breathnach

 

Deirdre Ní Chumhaill, foireann na sinsear, Pobalscoil Ghaoth Dobhair

 

Foireann Choláiste Chroí Mhuire, buaiteoirí Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain i gCraobh na Sinsear

 

Foireann shinsir Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Conamara Seán Ó Gallchobhair, captaen, Oisín Ó Coisdealbha agus Cainnear Nic Réamoinn agus a múinteoir Tríona Ní Mhurchú. In éineacht leo tá Pádraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn, ar chlé, agus Micheál Ó hÉanaigh, Príómhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus cathaoirleach na hócáide

 

Scaoil amach é do sheaimpíní Choláiste Chroí Mhuire i gCraobh na Sinsear!

 

Ainnir Ní Choisdealbha, Caitríona Ní Ghriallais agus Oisín Ó Coisdealbha agus corn na sinsear ag dul abhaile acu

 

Treise leat!. Seán Ó Gallchobhair ag ceiliúradh bua a fhoirne le Caoimhín, Jenny agus Katie Ní Ghallchobhair

 

Cainnear Nic Réamoinn lena deartháireacha, Glaisne agus Diarmaid Mac Réamoinn agus Sorcha Ní Mhonacháin

 

Foireann Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Gráinne Ní Ghallchóír, Deirdre Ní Chumhaill agus Clodagh Ní Ghallchóir lena múinteoir Pól Mac Cumhaill agus Cathaoirleach Gael Linn Pádraic Ó Ciardha

 

Pádraic Ó Ciardha le foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin i gCraobh na Sinsear: Anna Ní Laoi, captaen, Caoimhe Ní Thuathail agus Anna Ní Dhonncha.

 

Pádhraic Ó Ciardha le foireann shinsir Choláiste Eoin, Baile Átha Cliath: Aaron Groome, Lúcás Ó Faoláin, captaen, agus Mel Ó Lorcáin,

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An focal deiridh i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain ag déagóirí Chonamara'