GAILEARAÍ: An Chistin lán go doras agus an dara sraith den chlár ‘Bádóirí’ seolta ar an gCeathrú Rua

Bhí an teach tábhairne, An Chistin, ar an gCeathrú Rua lán go doras le déanaí nuair a sheol fear Dhún Chaoin, Breandán Feiritéar, an dara sraith de ‘Bádóirí’, an clár teilifísefaoi shaol lucht na mbád traidisiúnta. Craolfar an chéad chlár sa Mhárta. Pictiúir: Seán Ó Mainnín