GAILEARAÍ: An Cheathrú Rua trí shúile an Ghaeilgeora i 1938…

Tá blaiseadh anseo de na seanghrianghraif a bheidh le feiceáil i dtaispeántas nua a sheolfar ar an gCeathrú Rua an tseachtain seo chugainn

GAILEARAÍ: An Cheathrú Rua trí shúile an Ghaeilgeora i 1938…

TJG_Alb_15_1_p3 TJG_Alb_110_1_p3 TJG_Alb_20 1_p3 TJG_Alb_44_1_p3 TJG_Alb_40_1_p3

Tabharfar léargas i dtaispeántas a sheolfar ar an gCeathrú Rua an tseachtain seo chugainn ar an saol mar a bhí sa bhaile Gaeltachta i 1938.

Ba é Tom Gallagher a ghlac na grianghraif a bheidh sa taispeántas ‘An Cheathrú Rua Trí Shúile an Ghaeilgeora’  agus é ag freastal ar chúrsa Gaeilge sa cheantar i 1938.

Is iad Oireachtas na Gaeilge, i gcomhar le Comharchumann Mhic Dara, atá ag cur an taispeántais i láthair agus beidh an 26 grianghraf le feiceáil feasta sa Chrompán ar an gCeathrú Rua.

Dúirt Majella Ní Chríocháin ó Oireachtas na Gaeilge gur “trí sheans” a chuala sí faoi na pictiúir.

“Is trí sheans a chas mé le mac Tom, Tommy agus lena bhean Mary ag taispeántas eile a d’eagraigh an tOireachtas i mBaile Átha Cliath anuraidh agus luaigh siad go raibh na grianghraif seo ann agus gur bhreá leo dá bhféadfaí iad a chur ar taispeáint do phobal na Ceathrún Rua.

“A luaithe is a chonaic mé na seanphictiúir iontacha dubh agus bán, bhí a fhios agam go gcaithfí baile a fháil dóibh ar an gCeathrú Rua!’’

Múinteoir Adhmadóireachta as Ros Comáin ab ea Tom Gallagher a d’fhreastail ar chúrsa speisialta do mhúinteoirí adhmadóireachta sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne i mBaile Átha Cliath idir 1938-1940.

Ag deireadh na chéad bhliana den chúrsa, chuaigh na mic léinn go dtí an Cheathrú Rua ar feadh trí mhí le barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Ba i 1938,  agus é ag freastal ar an gcúrsa Gaeilge sin, a ghlac Tom na grianghraif, a bheidh le feiceáil sa taispeántas ‘An Cheathrú Rua Trí Shúile an Ghaeilgeora’.

Dúirt Tom Gallagher, mac an ghrianghrafadóra, gur údar “ríméid” don chlann an taispeántas.

“Grianghrafadóir díograiseach ab ea m’athair i gcaitheamh a shaoil agus tá na grianghraif a ghlac sé agus é ar an gCeathrú Rua i measc na gcinn is túisce a ghlac sé riamh,” a dúirt Tom Gallagher.

Chuir Foras na Gaeilge agus Ealaín na Gaeltachta tacaíocht ar fáil don taispeántas a sheolfar sa Chrompán ar an gCeathrú Rua ag 7:00 i.n. Déardaoin 8 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An Cheathrú Rua trí shúile an Ghaeilgeora i 1938…'