GAILEARAÍ: An chaint agus an ceiliúradh! Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua seaimpíní na hÉireann i gcomórtas Gael Linn!

Ba iad Pobalscoil Ghaoth Dobhair a thug leo Craobh Shinsir na hÉireann Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2018 agus ba iad Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua a thug leo craobh na sóisear ag babhtaí ceannais na gcomórtas fadbhunaithe a bhí ar siúl i Leamhcán, Baile Átha Cliath aréir. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

GAILEARAÍ: An chaint agus an ceiliúradh! Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua seaimpíní na hÉireann i gcomórtas Gael Linn!
Gan fiacail a chur ann. Antaine Ó Séaghdha, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, le linn diospóireacht na sóisear

 

AN comórtas faoi lán seoil  in Óstán an Spa, Leamhcán, Baile Átha Cliath

 

Na moltóirí: Siún Ní Dhuinn, Cathal Póirtéir, Seán Mac Labhraí, Áine Hensey agus Fergus Ó Conghaile

 

Ag smaoineamh ar fhreagra. Foireann Choláiste Oiriall, Muineachán

 

Niall Ó Laoghaire, Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath

 

Pointe maith ag foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin

 

Bualadh bos ón slua

 

Curaidh Chomórtas na Sóisear. Foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua, agus an dea-scéala fógartha

 

Scéal grinn ag Ruairí Ó Mianáin, Gaelcholáiste Dhoire, agus Joe Mag Raollaigh, RTÉ

 

Foireann Ghaelcholáíste Dhoire, Dún Geimhin, Co Dhoire. Ó chlé tá Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn; Susan Uí Mhianáin, múinteoir; Rhiannon Nic Fealóin, Clíodhna agus Ruairí Ó Mianáin agus an t-aoichainteoir Joe Mag Raollaigh

 

Foireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Lúc Mac Diarmada, Antaine Ó Séaghdha agus Naoise Mac Gearailt, lena múinteoir Donncha Ó Céileachair

 

Coláiste Oiriall, Bóthar Ard Mhacha, Muineachán. Donna Ní Ghallchobhair, múinteoir; agus a foireann, Liam Ó Faoláin, Faolán Ó Cathmhaoil agus Aaron Ó Gamhna

 

Buaiteoirí Chraobh na hÉireann i rannóg na sóisear,  Scoil Chumsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe. Ó chlé: Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn; Máirín Ní Dhomhnaill, múinteoir; an fhoireann a thug an lá leo, Anna Nic Dhonncha, Colm Mac Donncha agus Caoimhe Ní Thuathail; agus Joe Mag Raollaigh, tuairisceoir nuachta le RTÉ

 

Beir bua! Foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua, Anna Nic Dhonncha, Colm Mac Donncha agus Caoimhe Ní Thuathail

 

Foireann shinsir Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co Átha Cliath, Niall Ó Laoghaire, Colm Mac Giolla Phádraig agus Ruairí Ó Seanáin lena múinteoir Ciarán Ó Duinneacha

 

Foireann na sinsear ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua, Clíodhna Breathnach, Áine Ní Chualáin agus Evan Ó Gríofa, lena múinteoir Máirín Ní Dhomhnaill

 

Foireann na sinsear ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Aisling Ní Chonghaile, Siobhán Ní Neachtain agus Liadh Robertson, lena múinteoir Tríona Uí Mhurchú

 

Curaidh na hÉireann!  Pobalscoil Ghaoth Dobhair, buaiteoirí Chraobh na hÉireann sna sinsir. Ó chlé: Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Joe Mag Raollaigh, RTÉ, an múinteoir Pól Mac Cumhaill agus seaimpíní na hÉireann 2018, Laura Ní Dhuibhir, Tarlach Ó Dochartaigh agus Clódagh Ní Ghallchóir

 

Muintir Phobalscoil Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh a ngaisce