Thug an 'Bumbulance' cuairt ar Naíonra an Mine i gCois Fharraige mar chuid dá thuras ar Chonamara an tseachtain seo. Seirbhís speisialta otharchairr do pháistí atá sa Bumbulance a bhaineann cuid den strus as turas chun an ospidéil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
An Bumbulance sna Mine. Tom Fahy, tiománaí an Bumbulance, in éineacht le páistí an naíonra agus na múinteoirí, Nóra Nic Dhonncha, Barbara Uí Loideáin, Tina Ní Shúilleabháin agus Caroline Ní Chualáin, Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Bhí na páistí i Naíonra na Mine réidh don Bumbulance
Páistí Naíonra na Mine an-sásta istigh sa Bumbulance
Scrúdú sláinte á dhéanamh ag Tom Fahy ón Bumbulance ar na hothair
Beidh tú ceart go leor anois! Dualta ag tabhairt aire mhaith do na hothair
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An’ Bumbulance’ abú! An-tóir ar otharcharr na bpáistí i gCois Fharraige i gConamara'