Bhí cúis mhaith cheiliúrtha ag gaolta is cairde Bhidín Seoige as Ros Muc agus a breithlá 100 bliain á ceiliúradh aici in óstán an Station House ar an gClochán Dé Sathairn seo caite. Bhí ceithre ghlúin de na Seoigigh ina teannta dá lá speisialta. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
An té is sine leis an té is óige. Bidín Seoige ag ceiliúradh a céadú lá breithe i gcomhluadar iníon a gariníne, Ella Ní Dhomhnaill
Bidín lena gariníonacha, Seona agus Gráinne Ní Dhomhnaill, craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta
Bidín lena neacht, Maureen Lydon agus a hiníon, Maura Fahy
Na craoltóirí aitheanta Gráinne agus Síle Seoige lena mamó Bidín
Cáca do Bhidín agus an céad slán aici
Bidín agus a hiníonacha, Maura agus Bríd, ag múchadh na gcoinnle
Bidín agus a clann. Ó chlé ar chúl: Peadar, Tommy, John, Éamonn agus Máirtín Seoige. Chun tosaigh: Paddy Seoige, Máire Fahy, Bidín, Bríd Seoige, Áine Uí Dhomhnaill agus Mairéad Seoige
Bidín agus a garchlann
Clann a garchlainne lena sin-seanmháthair
Katie Nic Dhonncha, cara, Neasa Ní Dhomhnaill, gariníon le Bidín agus Lea Ní Valachán, fionnó le Bidín
Nelson agus Otto Bowles agus Maura Healy ag ceiliúradh céad bliain a sin-seanmháthar
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An 100 slánaithe ag Bidín – údar ceiliúrtha ag Seoigigh Ros Muc'