GAILEARAÍ: Aitheantas d’Odhrán Mac Niallais agus do Ghaoth Dobhair ag dinnéar bliantúil CLG Dhún na nGall

Thug Odhrán Mac Niallais leis Gradam Shéamuis Mhic Géidigh don imreoir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall 2018 agus bhuaigh Gaoth Dobhair an Gradam do Chumann Sinsir na Bliana ag Dinnéar Bliantúil CLG Dhún na nGall san Abbey Hotel i mBaile Dhún na nGall oíche Dé Sathairn. Pictiúir: Geraldine Diver

Buaiteoir Ghradam Shéamuis Mhic Géidigh d’Imreoir na Bliana 2018, Odhrán Mac Niallais as Gaoth Dobhair. Beidh Gaoth Dobhair ag imirt i gcluiche ceannais Chúige Uladh an deireadh seeachtaine seo romhainn

 

An craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Cathaoirleach na moltóirí Damien Ó Dónaill a bhronn an gradam ar fhear Ghaoth Dobhair

 

Moira Graham ag glacadh leis an ngradam do ‘Chumann Sinsir na Bliana’ thar ceann Ghaoth Dobhair

 

Muintir Ghaoth Dobhair a bhí i láthair ag an ócáid

 

Ionadaithe ó CLG Ard an Rátha, a bhuaigh an gradam don pháirc is fearr sa chontae

 

Fearghas Mac Aoidh ag bronnadh Gradam Cultúir ar Sharon McGinty as Gleann tSúilí

 

Noreen Doherty, Mary Murphy, Cathaoirleach CLG Dhún na nGall, Mick Mc Grath agus Mick Murphy, ar bronnadh ‘Gradam Aitheantais’ air

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Aitheantas d’Odhrán Mac Niallais agus do Ghaoth Dobhair ag dinnéar bliantúil CLG Dhún na nGall'

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    D’fhulaing paróiste Ghaoth Dobhair go leor le dhá bhliain déag ó bhuígh muid an an chraobh i roimhe in 2006.
    Dhún monarcha óstáin agus go leor gnóanna, d’fhág na ceada daoine óga an ceantar go leor le dhul ar imirce.
    Tá ráta 25% dífhostaithe sa cheantar go fóill, ach in ainneoin sin uilig, d’éirí leis an pharóiste scoth foireann sinsear a chur le cheile i mbliana agus iad anois a dtabhairt an aghaidh ar chluiche cheannais Uladh, níl’s c’áit a mbeidh siad uilig i gceann bliain nó dhó ach idir an dá linn bainfidh muid sult as am aistear. gaoth Dobhair Abú!