GAILEARAÍ: Spreagadh an Aire do mhúinteoirí Gaeilge na Gaeltachta dul ag múineadh sna Stáit Aontaithe

Ag seisiún eolais a reáchtáil Coimisiún Fulbright, moladh do chainteoirí Gaeilge cur isteach ar dhámhachtainí Fulbright agus 10 mí a chaitheamh i gceann d'Ollscoileanna na Stát Aontaithe

“Is deis iontach na dámhachtainí seo do chainteoirí Gaeilge le cáilíochtaí tríú leibhéal a ngairmeacha a fhorbairt sna Stáit Aontaithe agus a dteanga agus a gcultúr a chur i láthair daoine nua thar lear.”

B’shin a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh agus é ag labhairt ag seisiún eolais Choimisiún Fulbright in oifigí Fhoras na Gaeilge Dé Céadaoin seo caite.

Tugadh cuireadh do dhaoine a mbeadh sum acu cur isteach ar na dámhachtainí teacht agus éisteacht le hoifigigh Fulbright. Mar chuid de chlár Dhámhachtainí Fulbright, atá á maoiniú ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag an gCrannchur Náisiúnta, cuirtear deontais ar fáil do shaoránaigh na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh bheith ina gCúntóirí Teagaisc i dTeangacha Iasachta (FLTA) agus an Ghaeilge a mhúineadh sna Stáit Aontaithe ar feadh naoi nó deich mí.

I measc na n-iarrthóirí ar éirigh leo go dtí seo, bhí mic léinn iarchéime, múinteoirí bunscoile, teagascóirí tríú leibhéal agus gairmithe eile. Tá maoiniú ar fáil do thaighdeoirí, do mhic léinn, do scoláirí agus do ghairmithe eile in aon discliplín eile freisin.

D’fhéach an tAire McHugh le tábhacht na gclár seo a chur abhaile ar phobal na Gaeltachta: “Áitím ar mhúinteoirí Gaeilge, go háirithe iad siúd atá i gceantair Ghaeltachta, smaoineamh ar chur isteach ar cheann de na scoláireachtaí luachmhara seo.”

I láthair ag an seisiún bhí iarscoláirí Fulbright a d’inis a scéalta féin faoi bheith ag múineadh Gaeilge do mhic léinn ollscoile sna Stáit Aontaithe. “An cinneadh is fearr riamh a rinne mé,” a dúirt Naoise Waldon, mac léinn ó Chill Chainnigh agus duine a ndeachaigh muintir Missoula, Montana go mór i gcion air. “Tá siad cíocrach do chuile rud faoi chultúr na hÉireann agus an-bhródúil as oidhreacht na nGael atá i Montana freisin.”

Deis iontach taistil atá ann chomh maith, dar le Sine Nic An Ailí, a chonaic 21 Stát agus í ar an gcúrsa 10 mí. “Arizona, Nua Eabhrac, Washington DC, Alaska, Las Vegas.” Chuaigh na Stáit agus dearcadh is tuairimí na mac léinn a mhúin sí go mór i gcion uirthi agus spreag í le hathmhachnamh a dhéanamh ar a cuid tuairimí féin, a dúirt sí.

Is aici a fhágfaimid an focal scoir: “beir leat bratach na hÉireann agus do gheansaí contae. Casfaidh tú le scoláirí Fulbright as gach cearn den domhan. Tá siad uilig bródúil as suaitheantais a dtíortha féin a chaitheamh.”

Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná an 30 Deireadh Fómhair. Téigh go dtí www.fulbright.com le haghaidh tuilleadh eolais.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Spreagadh an Aire do mhúinteoirí Gaeilge na Gaeltachta dul ag múineadh sna Stáit Aontaithe'