
Is é John Greaney as Gaillimh a bhuaigh Déatlan Chonamara ar an gCeathrú Rua.
B’é seo an dara bliain as a chéile ag Greaney, ó Team Hurt Locker, an bua a thabhairt leis, agus breis agus dhá nóiméad le spáráil aige.
Thosaigh an rás i sráidbhaile na Ceathrún Rua le rith 3.5km, agus tar éis cúrsa rothaíochta 21km a chríochnú, choinnigh Greaney greim ar an gcéad áit tar éis an dara rith de 3.5km. Is é Gavin Corey ó chlub tríatlan an Ómaigh i dTír Eoghain a bhí sa dara háit, agus Stephen Donnelly ón gclub áitiúil, TríSpórt, a bhí sa tríú háit.
Ba í Lorraine Carey ó chlub Liquid Motion ó Bhéal an Átha, Maigh Eo, an chéad bhean a chríochnaigh agus bearna shuntasach idir í féin agus Geraldine Gill agus Barbara Dunne a chríochnaigh sa dara agus sa tríú háit.
Ba é Ben Vahey, ó chlub Predator i mBaile Átha an Rí, Gaillimh an chéad lúthchleasaí sóisir a chríochnaigh agus bhí Rónán Ó Direáin as an Spidéal sna sála air.
“Bhí muid thar a bheith sásta leis an rás agus le caighdeán na hiomaíochta,” a deir an Rás-Stiúrthóir, Rónán Mac Con Iomaire. “Fágann an stádas ‘Sraith Náisiúnta’ a bhain Déatlan Chonamara amach dhá bhliain ó shin go bhfuil ardú suntasach tagtha ar chaighdeán na hiomaíochta, agus is iontach linn fáilte a chur roimh chuid de na luthchleasaithe déatlan is fearr sa tír chuig an Cheathrú Rua .”
Chláraigh beagán os cionn 60 luthchleasaí chun Déatlan Chonamara a dhéanamh, agus chríochnaigh 55 ar an lá.
![Gearóid Ó Conghaile ag rith tríd timpeallacht clochach Chonamara le linn Déatlan Chonamara an Satharn [27 Feabhra]. Ba é an dara bliain i ndiaidh a chéile don Déatlan a bheith ar an gCeathrú Rua. Bhí an rás, a bhí á eagrú ag club tríatlan Chonamara agus Árainn, TríSpórt, mar chuid den tSraith Náisiúnta Déatlan, faoi choimirce Triathlon Ireland. Pic: Seán Ó Mainnín.](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/duathlon16-0692.jpg)

![Liam Tinney ó chlub 247 Triathlon, ag rith tríd tríd timpeallacht clochach Chonamara le linn Déatlan Chonamara an Satharn [27 Feabhra]. Ba é an dara bliain i ndiaidh a chéile don Déatlan a bheith ar an gCeathrú Rua. Bhí an rás, a bhí á eagrú ag club tríatlan Chonamara agus Árainn, TríSpórt, mar chuid den tSraith Náisiúnta Déatlan, faoi choimirce Triathlon Ireland. Pic: Seán Ó Mainnín.](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/duathlon16-0555.jpg)
![An madra seo chun tosaigh ar Martin Divilly, Gaillimh le linn Déatlan Chonamara ar an gCeathrú Rua ar an Satharn [27 Feabhra]. Bhí an rás, a bhí á eagrú ag club tríatlan Chonamara agus Árainn, TríSpórt, mar chuid den tSraith Náisiúnta Déatlan, faoi choimirce Triathlon Ireland. Ba é John Greaney, Gaillimh, ó fhoireann Hurt Locker a bhuaigh an rás. Pic: Seán Ó Mainnín.](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/duathlon16-0428.jpg)

![John Greaney, Gaillimh, ó fhoireann Hurt Locker, ar a bhealach chun Déatlan Chonamara a bhuachan an Satharn [27 Feabhra]. Ba é an dara bliain i ndiaidh a chéile don Déatlan a bheith ar an gCeathrú Rua. Bhí an rás, a bhí á eagrú ag club tríatlan Chonamara agus Árainn, TríSpórt, mar chuid den tSraith Náisiúnta Déatlan, faoi choimirce Triathlon Ireland. Pic: Seán Ó Mainnín.](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/duathlon16-0375.jpg)