Bhí ríméad agus mórtas ar phobal Mhaigh Cuilinn nuair a d'fhill Martin Mulkerrins ar an mbaile agus Craobh Shinsir Liathróid Láimhe na hÉireann buaite aige, an chéad Ghaillimheach a rinne an t-éacht sin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Martin Mulkerrins lena chol ceathrar Jack Collins (8) agus iad lánsásta
Áine Mulkerrins agus í an-bhródúil as a garmac Martin agus craobh na hÉireann tugtha abhaile go Maigh Cuilinn aige
Imreoirí óga liathróid láimhe i Maigh Cuilinn leis an gCorn
Is linne é! Nicky John Clancy, John O’Reilly, Martin Mulkerrins, Morgan Darcy agus Seán McLaughlin (seanuncail Martin) agus greim ar an gcorn acu
Seaimpíní iad uilig! Martin le Éadaoin Ní Dhonncha agus Sky Ní Mháille Breathnach, as Cumann Micheál Breathnach, Cois Fharraige, a bhuaigh Craobh na hÉireann fé 14 sa chluiche dúbailte
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Ábhar mór mórtais ag muintir Mhaigh Cuilinn agus Craobh na hÉireann sa liathróid láimhe buaite ag Martin Mulkerrins'