FÍSEÁN: Gaeltacht Thír Chonaill go mór chun tosaigh i bhfógra nua turasóireachta

Tá an Earagail, Sliabh Liag, agus Loch Alltáin i measc na n-áiteanna atá le feiceáil san fhíseán nua a bhfuil d’aidhm aige na mílte cuairteoir a mhealladh chuig Tír Chonaill

FÍSEÁN: Gaeltacht Thír Chonaill go mór chun tosaigh i bhfógra nua turasóireachta

Tá an Earagail, Sliabh Liag, agus Loch Alltáin i measc na n-áiteanna atá le feiceáil i bhfíseán nua a bhfuil d’aidhm aige na mílte cuairteoir a mhealladh chuig Tír Chonaill

Tá radhairc ó Ghaeltacht Thír Chonaill go mór chun tosaigh i bhfógra nua turasóireachta a bheidh á chraoladh ar an teilifís mar chuid d’fheachtas mór a bheidh ar bun ag Turasóireacht Dhún na nGall an mhí seo chugainn.

Tá leithéidí Loch Alltáin, an Earagail, Gort an Choirce, Sliabh Liag, Árainn Mhór agus An Charraig Fhinn i measc na radharc Gaeltachta atá le feiceáil san fhíseán nua a chuireann Dún na nGall chun cinn mar ‘The Coolest Place in the World’, gradam a bhronn an iris taistil National Geographic Traveller ar an gcontae anuraidh.

Is liosta é an ‘Cool List’, dar leis an iris, de na “príomhchathracha cultúir, lárionaid na hiopstar, saoirí sceirdiúla agus áiteanna atá ‘cool’ i gcoitinne”. Ar bharr an liosta sin, ina luaitear 17 áit ar domhan, bhí Dún na nGall.

Tá an fógra 30 soicind á scaipeadh ag Turasóireacht Dhún na nGall ar na meáin shóisialta agus craolfar ar na stáisiúin TV3, 3be agus 3e é ar feadh na seachtaine roimh shaoire na Cásca.

Ba é Teach Solais Fhánada an príomhphictiúr ar alt National Geographic Traveller anuraidh agus tá an teach solais le feiceáil san fhíseán nua atá eisithe ag an eagraíocht turasóireachta. Áirítear Fánaid ar cheann de na trí áit is deise i nDún na nGall atá ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is iad an dá áit eile ar an liosta Cionn Mhálanna agus Sliabh Liag, atá le feiceáil san fhíseán freisin.

Rinneadh leaganacha dátheangacha, Fraincis agus Gearmáinis, den fhíseán freisin agus scaipfear iad mar chuid d’fheachtas idirnáisiúnta poiblíochta sna seachtainí amach romhainn.

Beidh imeachtaí a bheidh ag tarlú ar fud an chontae, sna ceantair mhóra Ghaeltachta ina measc, á bhfógairt ar an National Events Guide ar TV3 i gcaitheamh an fheachtais.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Gaeltacht Thír Chonaill go mór chun tosaigh i bhfógra nua turasóireachta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Dream eile nach bhfuil meas ar bith acu ar an Ghaeltacht ná ar an Ghaeilg. Cá huair a fheiceas muid físeán Gaeilge de Thír Chonaill ar RTÉ agus TG4???

    Má tá pleananna teanga curtha i bhfeidhm i gceantracha Gaeltachta sa chontae seo, agus plean teanga Leitir Ceanainn a fhógairt go hoifigiúil ar an Domhnach 12ú Márta 2017, nár cheart go mbeadh earnáil na turasóireachta agus an Stát ag mealladh cainteoirí Gaeilge agus iad siúd atá ag foghlaim na Gaeilge chun na contae??