Gaeltacht ‘Cappucino’ bunaithe sa GMIT

Beidh deis anois ag mic léinn a gcuid Gaeilge a chleachtadh lena chéile i dtimpeallacht neamhfhoirmeálta, réchúiseach, chairdiúil

Amy Ni Cheallaigh, Aontas na Mac Léinn, GMIT, agus Eoghan McDermott, aisteoir agus láithreoir teilifíse agus raidió
Amy Ni Cheallaigh, Aontas na Mac Léinn, GMIT, agus Eoghan McDermott, aisteoir agus láithreoir teilifíse agus raidió

Seoladh tionscnamh nua, fuinniúil in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe is Mhaigh Eo (GMIT) inné (03.03.15) a bhfuil sé mar aidhm aige úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa Choláiste. Rinne an láithreoir teilifíse agus raidió, Eoghan Mac Diarmada, an ócáid a sheoladh mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.

Coincheap de chuid Choiste Gaeilge GMIT is ea an ‘Cappuccino Gaeltacht’ atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Láthair chruinnithe í sa cheaintín ag gach campas de chuid GMIT, áit ar féidir le baill foirne agus neacha léinn teacht le chéile agus Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lena chéile.

Tabharfaidh aip atá forbartha ag mic léinn ríomhaireachta GMIT eolas faoin gCappuccino Gaeltacht agus faoi sheirbhísí GMIT.

Bhí Méara na Gaillimhe, an comhairleoir Donal Lyons agus ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, Oifig an Choimisinéara Teanga, Údarás na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge agus Comhlachas na Gaillimhe i láthair ag an seoladh, mar aon le hUachtarán na hInstitiúide, Michael Carmody, baill de Bhord Rialaithe GMIT. Bhí mic léinn agus baill foirne de chuid an Choláiste i láthair freisin agus an ceaintín dubh le daoine.

Ghlac na mic léinn páirt i gcomórtas talainne darbh ainm ‘Réalt GMIT’ sa cheaintín tar éis an tsearmanais ghearrtha ribín. Bhí láithreoir The Voice of Ireland agus Amy Kelly, Aontas na Mac léinn, GMIT, ina moltóirí ar an gcomórtas.

Is iad na mic léinn a ghlac páirt ann: Éamon Rabitte (ar an veidhlín), mac léinn eolaíochtaí bithchógaisíochta, a sheinn ‘Hungarian Dance’ Brahms; The Strangers Band leis an amhránaí Barbara Hopkins, mac léinn teicneolaíocht faisnéise; agus Sean Paul McMahon (ar an ngiotár), mac léinn Oideachas Allamuigh, atá i mbun staidéir ar champas Mhaigh Eo.

Chas mac léinn eile, Megan O’Donnell, leagan d’amhrán Adele, ‘Someone Like You’, agus thug John Flynn faoi leagan de ‘Broken Road’ le Rascal Flatts.

Ba é an buaicphointe, áfach, nuair a bhuail Pamela Ashley Uba a cló féin anuas ar ‘Mustang Sally’ le Wilson Pickett. Is aici a bhí an bua sa deireadh.

Léiríonn an ‘Cappuccino Gaeltacht’ tiomántas GMIT don Ghaeilge, faoi mar atá leagtha amach sa Scéim Teanga 2013-16, a bhfuil sé mar aidhm ann cur le raon agus caighdeán na seirbhisí atá ar fáil trí Ghaeilge do mhic léinn agus don fhoireann.

Agus é ag caint ar choincheap an ‘Cappuccino Gaeltacht’ sa Choláiste, dúirt an t-aoi speisialta, Eoghan Mac Diarmada:

“An rud is mó a thaitníonn liom faoin gCappuccino Gaeltacht ná go gcruthaíonn sé timpeallacht neamhfhoirmeálta, réchúiseach a spreagann daoine le pé Gaeilge atá acu a labhairt. Measaim go bhfuil todhchaí na teanga ag brath ar dhaoine nach bhfuil líofa ar fad ar fad a bheith ar a gcompord ag úsáid a gcuid Gaeilge, cuma cén leibhéal cumais atá i gceist, agus déanfaidh tionscnaimh ar nós an cheanna seo an meon seo a chothú”.

Mhol Uachtarán na hInstitiúide, Michael Carmody an obair atá ar bun ag Coiste Gaeilge GMIT:

“Tá an Coiste Gaeilge an-ghníomhach ag cinntiú go ndéanfar Scéim Teanga na hInstitiúide a chur i bhfeidhm agus tá sé tiomanta don Ghaeilge a chur cinn san Institiúid.

“D’eascair an smaoineamh don ‘Cappuccino Gaeltacht’ ó shuirbhé a rinne an Coiste i measc na foirne  ar bhealaí a bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn níos fearr ar champas. Tá súil agam go spreagfaidh sé seo níos mó daoine le teacht agus comhrá Gaeilge a bheith acu agus iad ag ól cupán caife”, a dúirt sé.