‘Teip chórasach’ is ea an easpa múinteoirí Gaelscoile sa Tuaisceart – Comhairle na hEorpa

Tá molta do na húdaráis ó thuaidh gníomh a dhéanamh láithreach chun dul i ngleic leis an éileamh atá ar an nGaeloideachas i dTuaisceart Éireann

‘Teip chórasach’ is ea an easpa múinteoirí Gaelscoile sa Tuaisceart – Comhairle na hEorpa

Tá ráite ag Comhairle na hEorpa gur “teip chórasach” is cúis lena laghad múinteoirí atá ar fáil d’earnáil na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann.

Tá molta do na húdaráis ó thuaidh gníomh a dhéanamh “láithreach” chun a chinntiú go bhfuiltear ag freastal ar an éileamh atá ar an nGaeloideachas. Deirtear freisin go gcaithfear straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt chun freastal ar an bhfás atá ag teacht ar an earnáil sa Tuaisceart.

Tá na moltaí déanta ag coiste saineolaithe a dhéanann maoirseacht ar an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (COMEX).

“Dar leis an Choiste Saineolaithe gur teip chórasach é an easpa múinteoirí atá ar fáil don Ghaelscolaíocht, agus gur gá pleanáil go straitéiseach agus go fad-téarmach le haghaidh tuilleadh múinteoirí,” a deirtear sa tuairisc.

Tá ráite freisin gur cheart go mbeadh na moltaí ar fad i leith na Gaeilge mar bhonn le reachtaíocht láidir agus straitéis don teanga.

Thart ar 7,000 dalta atá cláraithe i nGaelscoileanna ó thuaidh den teorainn.

Léiríonn na staitisticí is deireanaí go bhfuil ardú beagnach 10% tagtha ar líon na bpáistí ó thuaidh a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu sa bhaile.

De réir na bhfigiúirí, a foilsíodh ar dtús ar shuíomh Meon Eile, bhí 529 páiste scoile a raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tí acu.

Ardú 9.5% a bhí ansin ar líon na bpáistí ar tugadh le fios in 2017 gurbh í an Ghaeilge a d’úsáid siad de ghnáth sa bhaile.

De réir an daonáirimh scoileanna, ní raibh ach seachtar páistí sa chóras ar fad a thug le fios gurbh í an Ultais an phríomhtheanga a bhí acu sa bhaile.

Chuir Comhairle na Gaelscolaíochta fáilte roimh thuairisc Chomhairle na hEorpa agus dúirt go bhfuil straitéis fhadtéarmach ag teastáil chun dul i ngleic leis an bhfás ar an earnáil.

“D’aithin COMEX go bhfuil bearna ann i dtaobh soláthar múinteoirí don earnáil Gaelscolaíochta agus éilíonn siad ar na húdaráis bheith ag comhoibriú leis an earnáil agus leis an phobal trí chéile leis an bhearna seo a líonadh,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta.

“Aontaíonn Comhairle na Gaelscolaíochta go láidir le COMEX go bhfuil straitéis fhadtéarmach de dhíth leis na bearnaí seo a líonadh ach caithfidh muid bogadh air sin láithreach bonn i bhfianaise an méadú suntasach atá á thuar don earnáil sna blianta amach romhainn.

“Tá sé ráite fosta gur féidir rudaí a dhéanamh anois le freastal ar an bhearna seo san idirthréimhse agus tá moltaí déanta ag Comhairle na Gaelscolaíochta ina leith sin. Bíonn príomhoidí agus scoileanna i dteagmháil linn go rialta ar an cheist seo agus tá sé thar am beartas a bheith curtha i gcrích ag Roinn an Oideachais agus ag na húdaráis chuí i leith na ceiste seo.”

Fág freagra ar '‘Teip chórasach’ is ea an easpa múinteoirí Gaelscoile sa Tuaisceart – Comhairle na hEorpa'