Gaelscoil nua do Dhroim Conrach in 2019 ach ‘práinn’ le córas nua bunaithe scoileanna lán-Ghaeilge

Agus Gaelscoil nua fógartha do thuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath, táthar ag éileamh go gcuirfeadh an Roinn Oideachais dlús lena moladh féin maidir le córas nua do bhunú scoileanna lán-Ghaeilge

Gaelscoil nua do Dhroim Conrach in 2019 ach ‘práinn’ le córas nua bunaithe scoileanna lán-Ghaeilge

Fógraíodh ar maidin go bhfuil Gaelscoil nua le bunú i gceantar Dhroim Conrach an bhliain seo chugainn, fógra ar céim chun tosaigh é maidir leis an gcóras nua atá molta chun béim níos mó a chur ar an éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge.

Is mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcás an éilimh ar Ghaelscoil nua do Dhroim Conrach atáthar ag féachaint le leasú a dhéanamh ar an gcóras maidir le bunú scoileanna nua.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ar maidin go raibh “fasach” cruthaithe ag “cás Dhroim Conrach/Marino” agus “nár chóir na maidí a ligean le sruth maidir le moladh na Roinne córas nua a thabhairt isteach chun freastal níos fearr a dhéanamh ar an éileamh ar an ngaeloideachas”.

D’fhógair an Roinn Oideachais ar maidin gur faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta a bheidh an scoil lán-Ghaeilge nua do 200 dalta i dtuaisceart na cathrach.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, go raibh práinn anois le cur i bhfeidhm na moltaí a chuir an Roinn Oideachas faoi bhráid an Choimisinéara Teanga maidir le bunú scoileanna agus 12 bunscoil eile le bunú in 2019.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais an tAcht Oideachais, 1998 nuair nár cuireadh san áireamh a ndualgais reachtúla teanga “go cuí” sa phróiseas a bhain le roghnú pátrúin do bhunscoil nua a bhí le bunú i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/ Marino.

Mar thoradh ar an imscrúdú sin, mhol an Roinn go mbunófaí córas nua a d’fhágfadh nár ghá gur ag an bpátrún atá ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise. Faoi mholadh na Roinne bhunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.

Phléigh an coiste comhairleach neamhspleách An Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua an tseachtain seo caite moladh na Roinne agus cinneadh go raibh “fiúntas” leis mar mholadh.

Ag tagairt do mholadh na Roinne maidir leis an gcóras nua, dúirt an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua gur “cheist chasta” a bhí ann agus moladh mar an chéad chéim eile go rachfaí i mbun comhairleoireachta leis na heagrais phátrúnachta fúithi. 

Chuir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill fáilte inniu roimh an bhfógra faoi bhunú Gaelscoil nua i nDroim Conrach agus dúirt sé gur “faoin Roinn Oideachais agus faoin Aire Oideachais anois é an t-athrú atá beartaithe ar an gcóras a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir chun go mbeidh sé níos éasca ar thuismitheoirí oideachas trí Ghaeilge a fháil dá bpáistí, más é sin atá uathu”.

Dúirt an tAire Oideachais nua Joe McHugh ar maidin gur údar sásaimh dó go raibh an ghaelscoil nua i nDroim Conrach i measc na gceithre scoil atá geallta don bhliain seo chugainn.

“Tá mé an-sásta go bhfreagrófar don leibhéal tréan éilimh ag tuismitheoirí sa cheantar seo ar an mbunscolaíocht lán-Ghaeilge tríd an gcinneadh seo gur gaelscoil í an scoil nua a bheidh le bunú anseo,” a dúirt McHugh.

Chuir Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, fáilte chomh maith roimh fhógra an lae inniu.

Tá an-áthas orainn go bhfuil an fógra déanta go hoifigiúil maidir leis an scoil i Marino agus cuirimid fáilte roimh an deis an scoil a bhunú sa cheantar chun freastal ar an éileamh ollmhór atá ann.

“Faraor géar, níor tharla sé nuair a bhí an próiseas pátrúnachta féin ar siúl ann agus nuair a léiríodh an t-éileamh sa cheantar i dtús ama,” a dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta.

Dúirt Ó hEaghra go raibh an Foras “ag súil” go mbeadh na moltaí a chuir an Roinn Oideachas faoi bhráid an Choimisinéara Teanga maidir le bunú scoileanna curtha i bhfeidhm sula bhfógrófaí an próiseas pátrúnachta le haghaidh 12 bunscoil eile atá le bunú in 2019.

“Sa chéad chúpla bliain eile a bhunófar an chuid is mó de na scoileanna atá le bunú go ceann i bhfad. Is é an baol atá ann ná go mbunófaí na scoileanna sin sula gcuifear na moltaí i bhfeidhm.  

“Tá muid chun teagmháil a dhéanamh leis an Roinn le straitéis a chur i bhfeidhm maidir le bunú na scoile i Marino agus chun soiléireacht a lorg mar gheall ar an an bpróiseas pátrúnachta le haghaidh an 12 bunscoil eile atá le bunú in 2019.”

Faoin gcóras atá faoi láthair ann maidir le bunú scoileanna nua sa Stát, is é an pátrún a fhaigheann an líon is airde de léirithe spéise a roghnaítear agus scoil nua á bunú, rud a aithnítear mar bhac mór ar fhorbairt an ghaeloideachais.

Fág freagra ar 'Gaelscoil nua do Dhroim Conrach in 2019 ach ‘práinn’ le córas nua bunaithe scoileanna lán-Ghaeilge'