Gaelscoil nua ar na bacáin do cheantar Dhroim Conrach agus Marino

Dheimhnigh an Roinn Oideachais inniu go molfar gur scoil lán-Ghaeilge a bheidh i mbunscoil nua atá geallta d’iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath

Gaelscoil nua ar na bacáin do cheantar Dhroim Conrach agus Marino

Tá an Roinn Oideachais ag moladh go n-osclófaí i Meán Fómhair 2019 Gaelscoil nua i gceantar Dhroim Conrach agus Marino i mBaile Átha Cliath.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais inniu go molfar gur scoil lán-Ghaeilge a bheidh sa bhunscoil nua atá geallta don cheantar.

Bhíothas ag súil leis an gcinneadh seo ó tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh bunscoil nua ocht seomra ranga i gceantar Dhroim Conrach agus Marino ar an liosta de na scoileanna nua atá le bunú ag an Roinn Oideachais as seo go ceann ceithre bliana.

Bhain conspóid mhór le cinneadh na Roinne Oideachais in 2016 diúltú d’iarratas a rinne An Foras Pátrúnachta ar ghaelscoil nua i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, iarratas a raibh os cionn 330 teaghlach luaite leis.

Ach dheimhnigh an Roinn Oideachais don Irish Times inniu go bhfuil fúthu anois gaelscoil nua a mholadh don cheantar.

Rinne Oifig an Choimisinéara Teanga imscrúdú maidir le cinneadh na Roinne Oideachais diúltú don iarratas a rinne an Foras Pátrúnachta ar scoil nua lán-Ghaeilge a bhunú sa cheantar in iarthuaisceart na cathrach agus foilsíodh na torthaí i dtaobh an imscrúdaithe sin inniu.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an tAcht Oideachais, 1998 nuair nár cuireadh san áireamh a ndualgais reachtúla teanga “go cuí” sa phróiseas a bhain le roghnú pátrúin do bhunscoil nua a bhí le bunú i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/Marino/Bhaile Átha Cliath 1.

Mar thoradh ar an gcinneadh sin, tá córas nua á bheartú ag an Roinn a d’fhágfadh nár ghá gur ag an bpátrún atá ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise agus go mbunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.

Chuir an Coimisinéir agus eagraíochtaí gaeloideachais fáilte roimh an moladh go gceadófaí scoileanna lán-Ghaeilge nua fiú sa chás nach mbeadh an líon is airde léirithe spéise ag an iarratas ar oideachas trí Ghaeilge.

Faoin gcóras atá faoi láthair ann maidir le bunú scoileanna nua sa Stát, is é an pátrún a fhaigheann an líon is airde de léirithe spéise a roghnaítear agus scoil nua á bunú, rud a aithnítear mar bhac mór ar fhorbairt an ghaeloideachais.

Sa ráiteas a d’eisigh an Roinn Oideachais inniu tagraíodh do thuarascáil ó 2016 a léirigh go raibh éileamh mór ar an gaeloideachas sa cheantar.

“In the context of the NSEG report, and given the strong level of parental demand for a Gaelscoil in the area evidenced as part of the 2016 patronage process, it would be recommended that this would be established as a Gaelscoil under the patronage of An Foras Pátrúnachta.”

Dúirt an Foras Pátrúnachta gur “dea-scéal amach is amach” do theaghlaigh an cheantair a bhí sa chinneadh seo agus go rabhthas ag súil le tabhairt faoi na socruithe a dhéanamh maidir le bunú na scoile nua.

Fág freagra ar 'Gaelscoil nua ar na bacáin do cheantar Dhroim Conrach agus Marino'